Teacht Aniar – Meascra Dánta agus Dánta Nua – Dairena Ní Chinnéide
- 0.5 KG:
€18.00
Is díolaim í seo a eascraíonn as an stór dánta atá cumtha ag Dairena Ní Chinnéide le scór bliain anuas, móide mám de dhánta nua, a thugann léargas dúinn ar dhomhan pearsanta, ildánach, cruthaitheach an fhile. Rogha pearsanta an fhile féin as na cnuasaigh atá foilsithe aici atá sa díolaim seo – seoda filíochta ón gcéad chnuasach anall. Sna dánta seo, faigheann muid blaiseadh den draíocht bhaineann, imir de scamaill an dorchadais, insint ar thóraíocht na sláinte intinne agus go leor eile, ó fhile atá ag saothrú fé ghuth na mban agus na máthar, agus a spíonann an saol mar a shamhlaítear di é. Ceistítear brí na beithsine féin sna dánta seo, freagraíonn an file dá timpeallacht intleachtach agus fhisiceach ar bhealach liriceach, líofa a thagann ó chroí, intinn agus spiorad an fhile agus déanann sí é sin uile go beacht tomhaiste. Tá teacht aniar, i ngach brí den fhocal, sa rogha dánta seo a thagann aniar aduaidh orainn ar uairibh, a nochtann taobh tuathail den saol ar uairibh eile agus atá lán de bheocht agus de dhúchas. Tugann an cnuasach seo lón don intinn agus don tsamhlaíocht agus ar ár dtumadh féin isteach ann, faigheann muid ugach agus dóchas uaidh a chuidíonn linn go léir treabhadh ar aghaidh tríd an saol corrach amach romhainn.