Skip to main content

Teachtaireacht

  • 0.15 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Colin Ryan
  • 9781784441227
Praghas

8.00


Ionmholta malairt bhisigh, a dúirt an file fadó, agus an té a thabharfaidh faoin gcnuasach gearrscéalta seo ón Domhan Thíos, beidh siad ar intinn leis. Sa leabhar seo, an chéad chnuasach le Colin Ryan, cuirtear cor i nGaeilge na hÉireann lena chur in oiriúint do chúinsí na hAstráile. Déantar trách ar lucht taistil, ar choirpigh, ar shaighdiúirí, ar na mairbh, ar dhaoine a chuaigh amú, ar dhaoine atá ag cuardach daoine eile, nó a bhfuiltear sa tóir orthu féin. Mar a bheadh aisling ann, nó domhan osréalach éigin, déantar ionramháil ar théamaí ar nós an ghrá agus fhuatha, bás agus beatha, brón agus buairt ionas nach mbímid cinnte riamh cá seasaimid – agus níl de rogha againn ach na sárscéalta seo a léamh an athuair.

Clár:

  • Slánú
  • Adhlacadh
  • An Fear nach Rachadh Abhaile
  • An tAinm a Bhí ar an Áit Seo
  • An Tóir
  • Faoin Leac Seo
  • Stolpach
  • A Dhícheall
  • Urchar Iomraill
  • Farantóir
  • I bPáras
  • Méileach
  • Nathair
  • Teachtaireacht