Skip to main content

Teanga don Tost – Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteacht

  • .5 KG:
  • Arlen House
  • Seán Mac Risteaird
  • 9781851323234
Praghas

25.00

Out of stock


9781851323234

Tá Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh i measc na scríobhneoirí is bisiúla, is ceannródaíche agus is tábhachtaí i litríocht Ghaeilge an lae inniu. Beirt scríobhneoirí radacacha Gaeltachta is ea iad a thugann aghaidh ar théamaí ilgnéitheacha ina soathar. Is é Teanga don Tost: Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteach an chéad mhonagraf taighde a bhfuil scagadh déanta ann ar théama na haiteachta i léann na Gaeilge. Déantar anailís ar shoathar na beirte seo trí leas a bhaint as tuiscintí theoiric na haiteachta: ‘modh’ critice a d’eascair as claochluithe móra sóisialta ó na 1960idí ar aghaidh. Sa saothar seo, pléitear stair shóisialta na haiteachta in Éirinn agus déantar an bheirt scríobhneoirí seo a chomhthéacsú trí lionsa úrnua anailíse. Cé nach feiniméan nua í an aiteacht, is tráthúil an rud é leabhar den chineál seo a bheith curtha i dtoll a chéile agus tírdhreach sóisialta agus liteartha na hÉireann agus na Gaeilge ag athrú ó bhonn. Tugann saothar na beirte seo teanga don tost a bhíodh dár dtachtadh agus tarraingítear na téada sin le chéile: ó dhaoirse go saoirse agus ó théacs go comhthéacs.