Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
- 0.6 KG:
- LeabhairCOMHAR
- Róisín Adams, Claire Marie Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn (Eag.)
- 9780992731328
€18.00
Sna haisti sa saothar seo, tugtar léargas dúinn ar ghineithe éagsúla de litríocht agus de chultúr na nóg sa chéad seo caite agus sa chomhthéacs comhaimseartha araon. Pléitear ceist an aistriúcháin agus ceist an oiriúnaithe i geruthú canóin litríochta don aos óg, déantar anailis ar ghnéithe de shaothair Chathail Ui Shandair, ceannródaí i litríocht Ghaeilge na n-ög, agus déantar staidéar ar na héagsúlachtaí féiniúlachta agus cultúrtha atá le feiceáil sa litríocht chomhaimseartha atá dírithe ar pháistí. Tá léargais spéisiúla in aisti cile ar phróiseas cruthaitheach an údair a scríobhann do pháistí, agus ar theagase na litearthachta i scoileanna Gaeltachta.
I measc na n-údar a scríobh aisti don chnuasach seo tá Ronan Doherty, Biddy Jenkinson, Brian Mac Maghnuis, Sean Mac Risteaird, Máire Nic an Bhaird, Ailbhe Ni Ghearbhuigh, Róisin Ní Mhulláin, Conchúr Ó Brolcháin agus Marie Whelton.
Tá Róisín Adams i mbun taighde dochtúireachta ar litriocht Ghaeilge na n-óg i gColáiste na Tríonóide.
Is léachtóir le Gaeilge agus aistritheoir í Claire M. Dunne in Institiúid Oideachais Marino. Bhí sí ina heagarthóir Gaeilge don irisleabhar Inis ó 2011 go 2014.
Is léachtóir le Gaeilge i Caoimhe Nic Lochlainn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sí ina comheagarthóir le Ríona Nic Congáil ar an dara leabhar sa tsraith seo, Laethanta Gréine agus Oícheanta Sí.




