Tír Bheag (Petit Pays)
- 0.4 KG:
€14.95
Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig.
Súil siar chumhachtach is ea Tír Bheag ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin.
Critically acclaimed and award-winning Tír Bheag (Petit Pays) is set in Burundi in 1992 and for ten-year-old Gabriel, life is happy and carefree with bike rides through the streets, swimming in the river, sneaking cigarettes and stealing mangoes with his friends. But storm clouds gather when neighbouring Rwanda is hit by civil war and genocide, and the spillover into Burundi means life for young Gaby is about to change.
A stunning, heart-wrenching look through the eyes of a child at a country caught in the maelstrom of history.