Tom a’ Bhungaló – Tomás Mac Giolla Bhríghde (1923-2013)
- 2 KG:
- Noel Ó Gallchóir
- Noel Ó Gallchóir
- 9780956884428
€25.00
Chaith Tomás Mac Giolla Bhríghde (1923-2013), nó Tom a’ Bhungaló mar is fearr aithne air, a shaol ag saothrú ar mhaithe lena pharóiste dhúchais, Gaoth Dobhair.
Bhí Tom ina bhall d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair ó 1938 go bliain a bháis in 2013 mar aisteoir, mar léiritheoir, mar údar agus mar stiúrthóir ar na hAisteoirí agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair. Bhí tionchar iontach dearfach aige ar ghlúnta éagsúla d’aos óg Ghaoth Dobhair sa Ghairmscoil agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, agus choinnigh sé bladhaire na drámaíochta ar lasadh ina measc.
Fís agus fiontraíocht Thomáis agus a chomrádaithe ba chúis le bunú Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair i lár na 1960idí, beart a leag an dúshraith don fhás eacnamaíochta a tharla in iarthuaisceart Thír Chonaill ina dhiaidh sin.
Ní dhéanfar dearmad de Tom a fhad is a bheas an t-amhrán álainn ‘Céad Slán leis an Oileán’, a chum sé faoi Oileán Ghabhla, á chanadh. Chomh maith leis sin, léirigh sé a bhuanna mar scríbhneoir cruthaitheach i ndrámaí a scríobh agus a léirigh sé féin, ina measc Shoilsigh Solas sa Dorchadas, a insint féin ar Pháis Íosa Críost.
Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh ar Tom in 2005 mar aitheantas as an bhaint a bhí aige le fostaíocht a chruthú sa cheantar agus i gcur chun cinn na n-ealaíon, an chultúir agus na Gaeilge.
Gníomhaí Gaelach, fiontraí físeach, draoi drámaíochta.
Eolas faoin údar: Noel Ó Gallchóir
Scríbhneoir, staraí agus drámadóir é Noel Ó Gallchóir atá ina chónaí i nGort an Choirce. Bhí sé ina mhúinteoir i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó 1977 agus ina phríomhoide sa scoil ó 1998 go dtí 2015.
Tá suim faoi leith ag Noel sa stair áitiúil agus sa litríocht, agus tá ailt foilsithe go forleathan aige ar na hábhair sin.
Tá Noel ina uachtarán ar an Chumann Scoildrámaíochta agus bhí baint aige leis an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta ó 1976 go 1996. Ba bhall é d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus d’Aisteoirí Ghort an Choirce agus tá baint aige leis an Bhéal Binn agus le hÉigse Uladh. Tá gradaim náisiúnta buaite aige i gcomórtais éagsúla, ar a na n-áirítear an tOireachtas, Scór agus féilte drámaíochta.
In 2011, chuir Noel an leabhar Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin i dtoll a chéile, ar bailiúchán é de shaothar scríofa a athar, Seán Ó Gallchóir (1912–84). Bhuaigh a leabhar Aisteoirí Ghaoth Dobhair, 1931-1981 Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar na bliana in 2021.
Tá aitheantas bainte amach ag Noel mar dhrámadóir agus camchuairteanna déanta aige leis na seónna Idir Dhá Cheann na hImní (2015), Ó Pheann an Phiarsaigh (2016) agus Máire (2019). Bronnadh Gradam Scríbhneoireachta Gaeilge Stewart Parker air in 2015.




