Tóraíocht an Mhíshonais – Príomhchoincheapa Freud agus Jung
- 0.05 KG:
Praghas
€5.00
Stoc ar fáil
Léargas ar leith ar bheirt de smaointeoirímóra na haoise, Sigmund Freud agus Carl Gustav Jung, atá ar fáil anseo ó scríbhneoir a bhfuil níos mó aithne air mar fhile ná mar fhealsamh.
Tá mórdhuaiseanna bainte ag Pádraig Mac Fhearghusa dá chuid filíochta ag Oireachtas na Gaeilge agus Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail. É ag feidhmiú le bliain anuas mar eagarthóir ar an míosachán Gaeilge, Feasta.
Sna leathanaigh seo gabhann sé i ngleic le smaointe Freud, Jung, Adler, Tillich, Fromm agus scata eile d’aos machnaimh an chéid. Gluaiseacht shoiléir faoin bprós, go leor eiseamláirí ó na húdair féin, agus ábhar machnaimh iontu don mhac léinn, don léitheoir ginearálta agus don scríbhneoir.




