Trí Ghleanntain is Thar Mhóinteáin
- 0.5 KG:
- Coiscéim
- Mícheál de Barra
- 6660012210381
€10.00
Sa leabhar seo tugann Mícheál de Barra agus a bhean aistear trí thuaisceart Shasana agus thar theorainn na hAlban. Is iomai sin scéal a thagann anuas ón stair chucu agus iad ar a siúlta.
Téann siad tríd an dúiche as ar fáisceadh na Brontës, na húdair cháiliúla de chlann Phádraig Uí Phronntaigh as Co, an Dúin. Taistealaíonn siad trí Whitby, áit a raibh díospóireacht stairiúil eaglasta faoi dháta na Cásca. Tugann siad cuairt ar na ceantair a spreag Bram Stoker as Baile Átha Cliath chun pinn, chomh maith le Lewis Carroll, Walter Scott agus eile. Tugann siad aghaidh ar oileán naofa Lindisfarne, mórionad creidimh is machnaimh.
Arís is arís eile, cuirtear i gcuimhne dúinn an cion an-mhór a bhí ag Éireannaigh i múnlú an chultúir seo riamh anall. Tá na macallaí sin agus tuilleadh le cloisteáil tríd an gcuntas bríomhar seo.
__________________
Rugadh agus tógadh Mícheál de Barra ar theorainn na Boirne i gCo. an Chláir. Oileadh ina mhúinteoir bunscoile é. Rinne sé staidéar ar Ghaeilge agus Spáinnis in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus tá máistreacht san Oideachas aige ó Choláiste na Tríonóide. Chaith sé a shaol oibre mar oideoir in Éirinn agus thar lear. Ó chuaigh sé ar scor, roinneann sé féin agus a bhean chéile Siobhán a gcuid ama idir Éire agus an Spáinn. Bronnadh Gradam Gaeilge Glen Dimplex ar a chéad leabhar, An Bóthar go Santiago. Tá trì leabhar eile leis i gcló ag Coiscéim: Gaeil i dTír na nGauchos, scéal na nÉireannach san Airgintin, Gaeil faoi Bhratach Eureka faoi na hÉireannaigh a ghlac páirt in eachtra mhór i stair na hAstráile, agus lúir Ársa agus Taibhsí Eile faoi aistear eile trí Albain is Sasana.





