Triúr Amigos
- 0.2 KG:
- Cois Life
- Jo O'Donoghue
- 9781912133703
Praghas
€10.00
Eoin. Jeaic. Ciara. Tá na dlúthchairde seo sa chúigiú bliain i gColáiste Aodáin – an Ardteist ag bagairt orthu, ach ní go fóillín. Nuair a thagann an deis tréimhse a chaitheamh in Cádiz na Spáinne chun feabhas a chur ar a gcuid Spáinnise agus an saol a bhlaiseadh, as go brách leo.
Comhluadar agus scléip, taithí teanga agus taithí ar shaol neamhspleách atá i ndán dóibh. Deirtear gur scéalach an té a bhíonn siúlach … Beidh scéalta le haithris ag an triúr seo cinnte – ach arbh fhearr leo na fíorscéalta a cheilt?