Tuair Mhic Éadaigh – Stair agus Seanchas
- 0.5 KG:
€15.00
Níl aon amhras ach go bhfuil Pádraig Standún ar dhuine de na húrscéalaithe is fearr agus is bisiúla I nua-litríocht na Gaeilge. Ó thús na n-ochtóidí I leith tá súil ghrinn ghéar caite aige ar mhuintir na Gaeltachta agus na hÉireann. Sa leabhar seo, áfach, tugann sé faoi dhúshlán nua: stair agus seanchas an cheantair a bhfuil sé ina shéiplíneach ann ó 1995 a ríomh – Tuar Mhic Éadaigh. Gheofar trácht sa leabhar seo ar chúrsaí bíoblóireachta sa naoú haois déag, cur síos ar an saol a chaith na gnáthdhaoine sa seanreacht agus cuntas ar Chogadh na Saoirse sa cheantar, chomh maith le stair na bhfoirgneamh, na n-institiúidí agus na ndaoine atá ar marthain go fóill. Gheobhaidh muintir Thuar Mhic Éadaigh in Éirinn agus níos faide ó bhaile lón machnaimh agus cuimhne sa leabhar seo.