Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Shopping Cart 0

An Leabhar Nimhe

0.2 KGs:

Evertype

Panu Petteri Höglund

9781782010593

Only

13.95

Out of stock

Category:

Description

Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis-an tUafás Cosmach.

“Cuitiliú”: An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh.

“Scairt na Réalta”: D’fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige, agus nuair a léigh sé iad, mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air.

“An Leabhar Nimhe”: Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim, ach ansin, tháinig ceann chuige a raibh nimh ann.

“Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen” atá i gcroí an bhailiúcháin seo-duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen, a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo, tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen, baile beag margaidh san Fhionlainn-fód dúchais an scríbhneora féin.

“Paappana, nó Ceol Erkki Santanen”: Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin, bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar.

Panu Petteri Höglund a d’aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo.

Additional information

Weight 0.2 kg