Skip to main content

Cú 3: Fuascailteoir

  • 0.35 KG:
  • Leabhar Breac
  • Paul Bolger, Barry Devlin
  • 9781909907911
Praghas

12.00


An tríú leabhar in eipic mhór Chú Chulainn — agus an scéal ar fad ar fáil anois mar úrscéal graifice. San imleabhar seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina aghaidh — Calaitín. Méabh, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon féin! Is anseo a dhéanann Cú Chulainn agus Feardia comhrac an átha. Agus, mar bharr ar an donais, déanann sluaite Chonnacht ionradh ar Chúige Uladh chun na hUltaigh a bhriseadh. Beidh sé ina bháire fola!

Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.