Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Eolas do Thuismitheoirí

Céard é seo?

Tagann an-chuid tuismitheoirí chuig An Siopa Leabhar le ceisteanna. Tá freagraí éagsúla bailithe againn anseo ionas go mbeidh an t-eolas céanna ar fáil do thuismitheoirí ar fud na tíre (agus an domhain!) fiú mura bhfuiltear in ann teacht chomh fada linn go pearsanta.

(Bunaíodh an chuid seo dár suíomh idirlín an chéad lá chun comhairle a roinnt le tuismitheoirí nach bhfuil mórán Gaeilge acu nó nach bhfuil róchompordach léi; sa leagan Gaeilge seo, nílimid ag iarraidh bheith mórchúiseach le haon duine. Seo liosta an-bhunúsach, agus tógfar air de réir a chéile.)

Má tá aon cheist eile agat, tar i dteagmháil linn agus feicfimid is féidir linn déanamh! Ina theannta sin, má tá moladh agat maidir le hacmhainn a d’úsáid tú féin, ach nach bhfeiceann tú anseo, abair linn agus is féidir linn an leathanach seo a leasú.

Is tuismitheoir mé agus ba mhaith liom an Ghaeilge a úsáid le mo pháiste.

Cad is féidir liom déanamh?

Ná bí buartha faoi ‘mearbhall’ a chur ar do pháiste má bhíonn níos mó ná teanga amháin in úsáid. Is minice a bhíonn páistí maith in ann plé leis an ilteangachas ná mar a bhíonn daoine fásta. 

Is féidir leat sracfhéachaint a thabhairt ar Gaschaint–  cnuasach de 2000 frása briste síos de réir a catagóirí éagsúla. Tá sé seo deartha go speisialta ar mhaithe le tuismitheoirí. Is féidir tosú le beagán agus tógáil air de réir a chéile. Cuir i gcás, d’fhéadfá cúpla focal a labhairt trí mheán na Gaeilge ag an mbricfeasta nó ar an mbealach chun na scoile go dtí go mbíonn tú féin agus an páiste compordach leis. Beidh tú in ann níos mó agus níos mó a tharraingt isteach.

Tá PDF saor in aisce eisithe ag Gaeloideachas, ina bhfuil neart frásaí a d’fhéadfá a úsáid mar thúsphointe. 

Léigh an PDF seo a d’eisigh Comhluadar tráth, maidir le páistí a thógáil le Gaeilge.

Léigh an leabhar Thógamar le Gaeilge Iad, maidir le páistí a tógadh le Gaeilge.

Féach Teanga Tí le teacht ar chomhairle faoin dea-chleachtas is fearr má tá tú ag iarraidh do chlann a thógáil le Gaeilge, acmhainní tacaíochta agus spraoi, chomh maith le heolas faoi imeachtaí do theaghlaigh Ghaeilge.

Baile - Glór na nGael

Cuireann Glór na nGael tacaíocht, spreagadh agus comhairle ar fáil do thuismitheoirí ar mian leo an Ghaeilge a bheith mar theanga baile acu. Déan teagmháil leo ar an rphost ag teaghlach@glornangael.ie le heolas a fháil maidir leis na tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil.

Má tá tú ag iarraidh do chlann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, tá tacaíocht iontach ar fáil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar eolas@tuismitheoiri.ie le breis eolais a fháil.

Má tá tú i mBaile Átha Cliath, féach an club CLG Na Gaeil Óga maidir le foireann a aimsiú do do pháiste. Is í an Ghaeilge a úsáidtear sa chlub. Féach anseo, anseo, agus anseo dá thuilleadh eolais.

Ag léamh scéalta agus ag cothú na léitheoireachta

Molaimid go láidir go léifidh (nó go n-inseoidh) tú scéalta Gaeilge amach os ard le do pháiste, go háirithe sula mbíonn siad in ann ag an léitheoireacht as a stuaim féin. Cabhróidh sé seo le do pháiste dul i dtaithí ar fhuaimeanna na teanga, agus tiocfaidh tú féin i dtaithí ar bheith ag léamh os ard leo (rud a dhéanann an-chuid tuismitheoirí le teanga eile, mar shampla an Béarla, ach nach ndéantar i gcónaí leis an nGaeilge).

Molaimid leanúint ar aghaidh ag léamh fiú nuair a thosaíonn siad ag léamh as a stuaim féin, ó bhíonn cumas níos láidre ag páiste leis an bhfocal labhartha. Seans go mbeidh siad in ann éisteacht le scéal níos casta ná mar a bheadh siad in ann léamh. Léireofar go bhfuil spraoi ag baint leis an nGaeilge agus gur féidir samhlaíocht a úsáid inti.

Níl taithí agam le leabhair a léamh os ard.

Conas is féidir liom mo pháiste a spreagadh le leabhair? 

Molaimid an leabhar iomlán a léamh ó thús deiridh uair amháin ar a laghad roimh duit é a léamh do do pháiste – más leabhar gearr atá ann! Tugann sé seo deis duit dul i dtaithí ar na fuaimeanna (go háithrithe má tá tú i ndiaidh seal a chaitheamh gan Gaeilge a labhairt) agus brí na bhfocal a dhéanamh amach duit féin. Thar aon rud eile, cuirfidh sé seo ar do shuaimhneas tú agus le cleachtadh ní bheidh gá leis an gcéim seo. Cleachtadh a mhúineann máistreacht!

Tá acmhainní iontacha ar líne más foclóir atá uait:

  • teanglann.ie le haghaidh téarmaí níos sine agus focail ghinearálta (agus tá sé in ann briathra a dhíochlaonadh duit):
  • tearma.ie le haghaidh téarmaí nua-aimseartha, teidil oifigiúla, téarmaí dlí, etc.;
  • focloir.ie le haghaidh nathanna agus focail nua-aimseartha.

D’fhéadfá foclóir fisiciúil a bheith agat (a bheidh ag teastáil ó do pháistí don scoil ar aon nós) agus oibriú le do pháiste chun teacht ar na focail nach bhfuil ar eolas agaibh.

Muna bhfuil tú cinnte conas focail a rá, cuir an focal isteach in abair.ie agus fuaimneoidh sé duit é (is féidir canúint/blas a roghnú fiú!).

Má tá páistí níos sine agat, tá réimse leathan pictiúrleabhar, idir aistriúcháin agus leabhair de bhunadh na Gaeilge. Molaimid meascán de theidil a scríobhadh as Gaeilge (e.g.  Bí ag Spraoi LiomScúnc agus Smúirín) agus teidil eile atá aitheanta as Béarla ar nós Cinnín Óir agus na Trí Bhéar agus An Garbhán.

Teastaíonn uaim feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Cad ba chóir dom a dhéanamh?

Tá cúpla rogha agat anseo! Molaimid duit tumadh isteach sa Ghaeilge chomh fada agus is féidir.

Caith súil ar TG4 nó bain usáid as a seinnteoir idirlín chun breathnú ar chláracha páistí nó chun breathnú ar cuid dá gcláracha faisnéise (is féidir na fotheidil a mhúchadh ar an seinnteoir line muna bhfuil gá agat leo).

An bhfuil tú ar Twitter/Facebook/Instagram? Cuir Gaeilge ar do chuid Meáin Shóisialta. Déan cuardach le haghaidh #Gaeilge agus lean cúpla cuntas a mbíonn an Ghaeilge in úsáid acu (cosúil linne! Is muidne @ansiopaleabhar ar Twitter, Facebook agus Instagram). 

Féach MolscéalMeon EileTuairisc agus Nós

Cuardaigh cuntas @Motherfocloir ar Twitter. Bíonn duine nua ar an gcuntas gach seachtain ag plé (sa Bhéarla formhór na hama) an gaol atá acu leis an nGaeilge nó le topaic áirithe a bhfuil nasc aige sin leis an nGaeilge. Tum isteach sa haischlib #DIYGaeilge ar Twitter agus féach ar na rudaí is féidir a dhéanamh chun an Ghaeilge a shníomh isteach i do shaol.

Cuardaigh #BooksAsGaeilge chun breis eolais  a fháil ar leabhair (idir nua agus seanbhunaithe) atá ar fail trí Ghaeilge (agus #BooksAboutGaeilge más leabhar gramadaí atá uait). 

Éist leis an méid is mó Gaeilge gur féidir leat, fiú más é sin go bhfuil tú ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta sa chúlra agus tú ag nigh na gréithe, nó ag taisteal. Is cleachtadh luachmhar atá anseo chun éisteacht le fuaimeanna agus rithim chainteoirí Gaeltachta. Ní hamháin go bhfuil sé ar fáil ar raidió fisiciúil, ach is féidir éisteacht ar líne le seinnteoir Raidió RTÉ agus is féidir éisteacht siar ar chláir éagsúla chomh maith. 

Éist le Raidió Rí-Rá agus Raidió na Life. Tá go leoir seónna ar Raidió na Life gur féidir éisteacht leo ar a SoundCloud.com. Tá aip an-mhaith ann darb ainm ‘Seinnteoir’ a ligeann duit éisteacht le cláir ó stáisiúin éagsúla raidió.

Éist le Beo ar Éigean, podchraoladh Gaeilge de chuid RTÉ (tugann an podchraoladh seo deis duit éisteacht le triúr chainteoir le canúintí éagsúla labhairt faoin saol laethúil agus cúrsaí an tsaoil).

Tagann go leor tuismitheoirí chugainn a bhfuil leabhar gramadaí de shaghas éigin acu, ach is ar éigean, dar leo, go bhfuil an t-am acu é a úsáid. Molaimid Duolingo do na daoine seo, toisc gur féidir beagán Gaeilge a fhoghlaim pé am a oireann dóibh chun cur lena stór focal. 

An mbeadh moltaí leabhar agaibh dom?

Agus tú ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, bealach ionatach le do stór focal a leathnú agus snas a chur ar struchtúr abairtí sa teanga ná bheith ag léamh. Tá an suíomh seo briste síos i rannóga éagsúla, ag brath ar an gcaighdeán atá agat, an t-aoisghrúpa ina bhfuil tú, agus réimsí spéise a d’fhéádfaí bheith agat. 

  • Ficsean d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge (Tá na leabhair seo dírithe ar dhaoine fásta nach bhfuil taithí rómhór acu le léamh, agus gluais bheag san áireamh), cuir i gcás FianaiseDúnmharú ar an DartDialann Emily Porter: An Jailtacht (tosaíonn an ceann deiridh sin amach i mBéarla, agus bogat i dtreo na Gaeilge i ndiaidh a chéile).
  • Leabhair ‘do dhéagóirí’ agus don aos óg: Is minic go mbíonn na leabhair seo ar comhchaighdeán leis na leabhar sa rannóg don fhoghlaimeoir fásta. Cuir i gcás, DaideoTrumptaí Dumptaí agus an Falla MórNóinínKatfish agus Scéalta Eile.
  • Úrscéalta grafacha. (Léigh  má tá leabhar fuilteach tarraingteach á lorg agat; léigh rud éigin ó shraith Asterix nó Tintin más leabhar éadrom-chroíoch greannmhar atá uait – agus scoth na Gaeilge nádúrtha iontu!).
  • Leabhair do léitheoirí neamhspleácha. Is cuma le roinnt foghlaimeoirí leabhair ‘do pháistí’ a léamh, ach éiríonn roinnt léitheoirí eile cosantach nuair a mholaimid seo dóibh! Tabhair faoi leabhar a bheidh dúshlánach agus a thabharfaidh stór focal nua dui — aimsigh leibhéal gur féidir taitneamh a bhaint as, agus níor cheart frustrachas a chur ort féin; má tá leabhar ródheacair duit, is féidir leat teacht ar ais chuige am éigin eile. Beidh do chumas féin ar eolas agat féin níos fearr ná mar a bheadh againne!
  • Leabhair aistrithe go Gaeilge. Bealach an-éifeachtach é seo le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge más ag tosú amach leis an scíthléitheoireacht atá tú (is é sin, léitheoireacht don chraic). Ní maith le roinnt daoine an scéal a bheith ar eolas acu sula léann siad an leabhar agus síleann siad nach bhfuil seo cabhrach in aon chor. Tá sin togha freisin.
  • Úrscéalta nó gearrscéalta scríofa i nGaeilge. Tá rogha maith leabhar anois ann don léitheoir fásta, agus tá líon na leabhar sin ag fás. Breathnaigh ar chuid de na húrscéalta agus cnuasaigh ghearrscéalta atá ar fáil. 

An féidir libh leabhar gramadaí a mholadh dom?

Molaimid Gramadach Gan Stró más mian leat snas a chur ar do chuid Gaeilge, nó is féidir leat díriú ar chanúint faoi leith leis na leabhair i sraith Teanga Bheo. Más rud é go bhfuil tú tar éis teanga eile a fhoghlaim (nó níos mó) mar dhuine fásta, an leabhar is fearr duit ná A Grammar of Modern Irish: leabhar tagartha gramadaí sa Bhéarla faoin nGaeilge.

Cad faoi ranganna Gaeilge?

Labhair le Conradh na Gaeilge maidir leis na cúrsaí Gaeilge a ritheann siad ag leibhéil éagsúla. Má léigh tú agus má thuig tú an leathanach seo ar fad, seans go n-oirfeadh ardrang duit, nó rang cruinnis. Téigh i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag eolas@cnag.ie chun bheith curtha leis an nuachtlitir eolais maidir le ranganna nua (uaireanta cuireann said ranganna do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus páistí ar siúl freisin!).

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí ar fáil ar líne ag www.ranganna.com chomh maith, mura bhfuil tú ag iarraidh teacht chuig Sráid Fhearchair, nó mura bhfuil tú lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Clár ábhar:

— Céard é seo?

— Is tuismitheoir mé agus ba mhaith liom an Ghaeilge a úsáid le mo pháiste. Cad is féidir liom déanamh?

— Ag léamh scéalta agus ag cothú na léitheoireachta

— Níl taithí agam le leabhair a léamh os ard. Conas is féidir liom mo pháiste a spreagadh le leabhair?

— Teastaíonn uaim feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Cad ba chóir dom a dhéanamh? (Liosta acmhainní)

— An mbeadh moltaí leabhar agaibh dom?

— An féidir libh leabhar gramadaí a mholadh dom?

— Cad faoi ranganna Gaeilge?