Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Rialaíonn na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach thíos úsáid shuíomh idirlín An Siopa Leabhar (Clódhanna Teoranta) ar a dtabharfar ‘An Siopa Leabhar’ nó ‘an Siopa’ anseo feasta. Tá na téarmaí agus na coinníollacha seo ann mar dhíon cosanta duit féin agus don Siopa Leabhar agus a ghníomhairí. Iarrtar ort do dhóthain ama a ghlacadh le léamh tríd an leathanach seo go cúramach.

Má úsáideann tú an suíomh idirlín seo, measfar go bhfuil glactha agat leis na téarmaí agus na coinníollacha seo agus beidh an suíomh gréasáin á úsáid agat ar do phriacal féin.

Cóipcheart agus trádmharcanna

Tá an suíomh gréasáin seo (‘an Suíomh’) faoi úinéireacht An Siopa Leabhar agus á fheidhmiú ag An Siopa Leabhar agus cuirtear an t-eolas agus an t-ábhar ar taispeáint ar an Suíomh (an ‘tÁbhar’) chun críche pearsanta, neamh-thráchtála amháin. Is leis An Siopa Leabhar lena sholáthróirí na bogearraí go léir a úsáidtear ar an Suíomh agus an t-ábhar go léir atá ar an Suíomh (lena n-áirítear, gan teorainn, dearadh an tsuímh, téacs, grafaicí, ábhar amhairc agus ábhar físe agus an rogha agus an leagan amach a bhaineann leo siúd) agus tá siad cosanta ag dlíthe cóipchirt idirnáisiúnta.

Naisc chuig suíomhanna seachtracha

Féadann naisc a bheith ar an Suíomh le suíomhanna gréasáin tríú páirtí, nach bhfuil á rialú ná á gcothabháil ag An Siopa Leabhar. Taispeántar na naisc seo ar mhaithe le húsáideoirí agus ní hionann iad agus moladh ón Siopa Leabhar ar na suíomhanna a nasctar leo nó a dtagraítear dóibh, agus níl smacht ar bith ag An Siopa Leabhar ar ábhar aon suíomh den chineál sin.

Séanadh dliteanais

Ní dhéanann An Siopa Leabhar aon uiríll ná aon bharántaí de chineál ar bith, sainráite nó intuigthe, maidir leis an Suíomh ina iomlán nó aon chuid den Suíomh nó leis an Ábhar nó le haon suíomhanna idirlín a bhfuil an Suíomh nasctha leo, agus tá gach baránta agus uiríoll eisiata leis seo a mhéid a cheadaítear leis an dlí. Ní hionann ábhar an tSuímh agus comhairle agus níor cheart brath air chun cinneadh á dhéanamh nó chun staonadh ó chinneadh a dhéanamh. Níl aon ráthaíocht ann go mbeidh an Suíomh saor ó ionfhabhtú le víris nó le rud ar bith eile a d’fhéadfadh a bheith dochrach nó scriosach. A mhéid a cheadaítear leis an dlí, séanann An Siopa Leabhar aon dliteanas (cibé slí ina n-éireoidh sé) i ndáil le caillteanas agus/nó le dochar a eascraíonn as aon úsáid nó a bhaineann le haon úsáid den Ábhar iomlán nó d’aon chuid de, le húsáid an tSuímh agus/nó le húsáid aon suímh idirlín lena bhfuil an Suíomh nasctha nó le neamhábaltacht na rudaí céanna a úsáid, nó i ndáil le haon chaingean a thionscnaítear (nó nach dtionscnaítear) de thoradh a n-úsáide.

Athruithe ar na téarmaí úsáide

Forchoimeádann An Siopa Leabhar an ceart chun cur leis na coinníollacha úsáide ar an suíomh gréasáin seo nó chun iad a athrú. Postálfar aon athruithe ar an leathanach seo agus tá sé d’fhreagracht ortsa, mar úsáideoir, a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi aon athruithe den chineál sin. Má leanann tú ort ag úsáid an tsuímh tar éis é a bheith athraithe, measfar go bhfuil glactha agat le haon athruithe atá déanta.

Athruithe ar eolas ar an suíomh

Forchoimeádann An Siopa Leabhar an ceart chun aon athruithe is mian leis a dhéanamh ar an eolas ar www.siopaleabhar.com. Forchoimeádann An Siopa Leabhar an ceart freisin chun athruithe ar an dearadh agus ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an suíomh a dhéanamh gan fógra agus gan dliteanas.

Eolas úsáideora

Bailíonn An Siopa Leabhar faisnéis ar leathanaigh a bhfaigheann cuairteoirí an tsuímh rochtain orthu nó a mbaineann siad úsáid astu, chomh maith le faisnéis a chuireann cuairteoirí agus/nó custaiméirí ar fáil, e.g. mar fhaisnéis suirbhé agus/nó clárúcháin suímh. Baineann An Siopa Leabhar úsáid as an bhfaisnéis sin le haghaidh athbhreithnithe inmheánacha, chun ábhar an tSuímh a fheabhsú agus chun fógra a thabhairt do chustaiméirí maidir le nuashonrúcháin ar an Suíomh.

An dlí rialaithe

Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha seo a fhorléiriú de réir dhlíthe na hÉireann agus beidh dlínse ag cúirteanna na hÉireann aon díospóidí idir thú féin agus An Siopa Leabhar a réiteach.

Polasaí príobháideachais

Is iad na comhlachtaí Stripe agus PayPal a chuireann na saoráidí íocaíochta ar líne ar fáil ar www.siopaleabhar.com. Geallann Stripe, PayPap agus An Siopa Leabhar nach roinnfear an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil le haon pháirtí seachtrach gan toiliú sainráite a fháil uait agus go mbainfidh aon ríomhphost a fhaigheann tú ó Stripe nó An Siopa Leabhar le d’ordú amháin.

Agus tú ag seiceáil amach, iarrfar ort do shonraí billeála agus seolta a chur ar fáil chun an t-ordú a dhearbhú. Cuirfear do shonraí seolta agus d’ordú chuig An Siopa Leabhar le próiseáil agus gheobhaidh tú ríomhphost ag dearbhú an ordaithe. Ní bheidh rochtain ag An Siopa Leabhar ar shonraí do chárta creidmheasa tráth ar bith, ach beidh An Siopa Leabhar in ann an t-idirbheart bainc a dhearbhú nó a chur ar ceal nó aisíocaíocht a dhéanamh do do chárta creidmheasa más gá.

Geallann An Siopa Leabhar nach mbainfidh aon ríomhphost a fhaigheann tú ó An Siopa Leabhar ach le d’ordú/d’orduithe (ach amháin i gcás gur chláraigh tú le haghaidh nuachtlitir dhigiteach An Siopa Leabhar).

Teagmháil leis An Siopa Leabhar

Dá mba mhaith leat ceist a chur faoi d’ordú nó teagmháil linn ar chúis ar bith, iarrtar ort é sin a dhéanamh trí ríomhphost a chur chuig siopa@cnag.ie.

De ghnáth, bíonn An Siopa Leabhar ar oscailt 9.30–17.30 Luan go hAoine, agus 10.00–16.00 ar an Satharn. Bíonn athruithe ar na huaireanta oscailte in amanna ar fógra gearr, de réir cúinsí nach mbíonn neart ag An Siopa Leabhar orthu. Fógraítear na hathruithe seo ar chuntais an tSiopa ar na meáin shóisialta.

Moltar duit teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn tú ag iarraidh seiceáil an bhfuil an Siopa ar oscailt nó an bhfuil leabhar againn, nó más maith leat go gcuirfimid leabhar ar leataobh duit. Leabhair a chuirtear ar leataobh, tá trí seachtaine ag an gcustaiméar chun iad a bhailiú nó cuirtear ar ais ar díol iad. Mura bhfreagraítear an guthán, iarrtar ort teachtaireacht a fhágáil. Seans go bhfuil an fhoireann ag plé le custaiméirí sa Siopa féin agus nach féidir do ghlaoch a fhreagairt i láthair na huaire.



Postas agus seachadadh

Seoltar orduithe sa phost, agus de ghnáth seachadtar iad laistigh de 2–14 lá oibre ag brath ar an áit a bhfuil siad ag dul.

Sa chás nach bhfuil táirge sa Siopa, bíonn ar an Siopa é a ordú isteach. Tá seans go gcuirfear moill le horduithe dá bharr sin. Mura bhfuil táirge ar fáil ar chor ar bith, déantar gach iarracht teagmháil a dhéanamh leis an gcustaiméir chun é sin a mhíniú agus aisíocaíocht a chur ar fáil.

Ní phléitear le horduithe ón suíomh idirlín lasmuigh d’uaireanta oscailte an tSiopa. Sá chás go ndúntar an Siopa ar feadh lae nó ar feadh cúpla lá as a chéile, cuirfear fógra faoi seo na meáin shóisialta, ina léireofar an chéad dáta eile ar a mbeidh an Siopa ar oscailt.

Costas seachadta

Ríomhtar an costas seachadta (postas) bunaithe A) ar cheann scríbe agus B) ar mheáchan na n-earraí atá á gceannach. Ó am go chéile bíonn ráta speisialta poist ag earraí ar leith, i bhfianaise toisí nó cruth na n-earraí sin, mar leanaimid treoracha An Post maidir le beartanna.

Praghsanna agus infhaighteacht na n-earraí

Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil na praghsanna cruinn agus go bhfuil na teidil ar an Suíomh ar fáil, ní féidir é seo a dhearbhú agus b’fhéidir go dtiocfadh athrú ar eolas praghais agus/nó ar eolas faoi earra a bheith ar fáil gan fógra.

Trí ordú a dhéanamh, tá tú ag tairiscint go gceannóidh tú táirge a nglacfaimidne lena dhíol leat faoi réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha seo. Tá gach iarratas faoi réir na teidil a bheith ar fáil agus praghas an ordaithe a bheith dearbhaithe againn. Tá An Siopa Leabhar i dteideal diúltú d’iarratas/ordú.

Féadann na hamanna seolta a bheith éagsúil ag brath ar infhaighteacht na n-earraí. Ní bheimid freagrach as aon mhoill ar sheachadadh a eascraíonn as moilleanna poist nó as force majeure. Nuair a dhéanann tú iarratas/ordú, is gealladh é sin uait gur fíor agus cruinn iad na sonraí go léir a chuireann tú ar fáil dúinn chun earraí nó seirbhísí a iarraidh, agus gur tú féin úsáideoir údaraithe an chárta creidmheasa a úsáideann tú chun an t-iarratas a dhéanamh agus go bhfuil go leor airgid ar fáil chun costas na n-earraí nó na seirbhísí a chlúdach.

Tá tú freagrach as muid a chur ar an eolas faoi aon mhíchruinneas sna sonraí seo nó faoi aon athruithe ar na sonraí seo chomh luath agus is féidir.

Polasaí maidir le horduithe a chur ar ceal

Is féidir ordú a chur ar ceal trí theagmháil a dhéanamh linn a luaithe agus is féidir i ndiaidh don chustaiméir an t-ordú a chur isteach - is fearr rphost a chur chuig siopa@cnag.ie le sonraí an ordaithe. Uaireanta, bíonn orduithe réidh againn laistigh de chúpla nóiméad.

Má tá an t-ordú seolta amach ag An Siopa Leabhar cheana féin, ní bheifear in ann an t-ordú a chur ar ceal; beidh na hearraí le cur ar ais chuig an Siopa agus beidh aisíocaíocht i gceist. Má tá ordú curtha amach sa phost cheana féin, bainfear an táille poist den mhéid a bheidh le haisíoc.

Polasaí maidir le hearraí a chur ar ais chugainn

Caithfidh an bhail chéanna a bheith ar an táirge agus a bhí nuair a seoladh é an chéad uair agus ní mór an t-ábhar pacáistithe agus na lipéid go léir a áireamh leis. Ní mór faisnéis a áireamh leis na hearraí a chuirtear ar ais ina léirítear uimhir ordaithe an chustaiméara mar fhianaise ar an gceannach. Ní féidir linn glacadh le hearraí úsáidte nó damáistithe a sheoltar ar ais. Tá an custaiméir freagrach as an gcostas a bhaineann le hearraí a sheoladh ar ais.