Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn

10:00 - 17:00

Seoladh poist:

An Siopa Leabhar
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02VH98
ÉIRE

Teileafón an tSiopa

+353 (0) 1 478 3814

Fág teachtaireacht, le do thoil, mura bhfuil muid in ann tú a fhreagairt. D'fhéadfá rphost a chur chugainn freisin.

Na meáin shóisialta

Facebook | TikTok | Twitter | Instagram

 

'Bhfuil ceist agat orainn?

Más leabhar, moladh nó eolas atá uait, bain úsáid as an bhfoirm seo thíos chun teagmháil a dhéanamh linn.

Féach ar na ceisteanna coitianta thíos - seans go mbeidh freagra ansin ar do cheist.

Cuir isteach d'ainm, le do thoil.
Please enter a message.

Ceisteanna Coitianta

An nglacann sibh le híocaíochtaí cárta?

Glacann, sa Siopa féin agus thar an bhfón.

Tá mé thar lear agus ní féidir liom seiceáil amach. Cén fáth?

Lenár lorg carbóin a laghdú agus le pacáistí bídeacha idirnáisiúnta a sheachaint ós minice a théann siad ar strae sa chóras poist, tá íosmhéid ceannaithe curtha i bhfeidhm againn. Seans nár shroich tú an teorainn go fóill. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag siopa@cnag.ie nó ag baint leas as an bhfoirm theagmhála.

An nglacann sibh le National Book Tokens?

Glacann, sa Siopa féin agus thar an bhfón.

 

An nglacann sibh le dearbháin One4All?

Glacann! Is féidir linn glacadh leo sa Siopa féin, ach ní ar an bhfón ná ní ar an suíomh idirlín seo. Cinntigh go bhfuil a fhios agat cé mhéad atá fágtha ar an dearbhán sula dtagann tú chuig an gcuntar; níl bealach againne chun é sin a sheiceáil.

 

An gcuireann sibh ábhar amach chuig scoileanna?

Cuireann. Is féidir linn ábhar a sheoladh amach chuig do scoil le sonrasc. Is féidir íoc le hidirbheart bainc, le seic, nó le cárta. Bíonn lascainí ar fáil má bhítear ag ordú breis is 50 leabhar - tar i dteagmháil linn leis an bhfoirm teagmhála thuas nó díreach chuig siopa@cnag.ie leis an eolas ar fad: an scoil, an seoladh poist, cén t-ábhar atá uait agus uimhir ghutháin.

 

Conas is féidir liom eolas a fháil faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl sa Siopa?

Cuirtear eolas ar na meáin shóisialta (Twitter / Instagram / Facebook) agus crochtar póstaeir sa Siopa nuair is féidir. Tá sé ar intinn againn iad a chur ar an suíomh seo freisin ar an leathanach baile.

 

An mbíonn ranganna Gaeilge agaibh?

Ní bhíonn ranganna ag an Siopa, ach bíonn cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge féin. Féach a shuíomh idirlín dá thuilleadh eolais.

 

An gceannóidh sibh mo leabhar?

Tá dornán gnáthdháileoirí ag an Siopa Leabhar agus b'fhearr go bhféadfaí leabhair a fháil sa tslí sin. Déantar cinneadh faoi shaothair fhéinfhoilsithe nó saothair a bhfuil dáileoir eile i gceist leo de réir mar is cuí, ag brath ar an leabhar. Má tá leabhar foilsithe agat agus más maith leat cóipeanna a dhíol leis an Siopa, tar i dteagmháil linn.

Más ag féinfhoilsiú atá tú, tabhair faoi deara le do thoil gur nós do shiopaí i gcoitinne lascaine a iarraidh ar leabhair nó ar earra ar bith a dhíoltar. Táimid lánsásta é sin a phlé leat má thagann tú i dteagmháil linn.

 

An féidir liom leabhar a sheoladh sa Siopa Leabhar?

Is minic a bhíonn seoltaí leabhar agus imeachtaí eile liteartha ar siúl againn sa Siopa. Más maith leat leabhar a sheoladh sa Siopa, tar i dteagmháil linn!

Is nós don Siopa a bheith i bhfeighil na ndíolachán don leabhar atá á sheoladh. Má thagann tú chugainn ag iarraidh an Siopa a chur in áirithe, tuigfear dúinn go nglacann tú leis an méid sin.

Glacann an Siopa Leabhar de réir mar a bhíonn an áit agus foireann ar fáil, i measc nithe eile a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an sceideal.

 

An féidir libh x, y, z a fhoilsiú?

Ní eisíonn An Siopa Leabhar aon fhoilseacháin ná ní bhíonn aon chumhacht ag an Siopa Leabhar ar a bhfoilsítear sa Ghaeilge. Má fheiceann tú bearna sa mhargadh, is fearr teagmháil a dhéanamh le pé foilsitheoir(í) a d'oirfeadh don togra.

 

An mbíonn leabhair athláimhe ag An Siopa Leabhar?

Ó thús 2020 tá An Siopa Leabhar ag plé le leabhair athláimhe / leabhair dara láimhe. Cuirimid sampla dóibh sin thuas i rannóg na leabhar athláimhe ar an suíomh seo agus tá rannóg athláimhe ag cúl an tSiopa freisin.

Féach an leathanach treorach maidir le leabhair a thabhairt dúinn >>>

Cá bhfuil An Siopa Leabhar?