Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Réamhordú: Concise English–Irish Dictionary (An Foclóir Nua Béarla–Gaeilge / Foclóir an Mhianánaigh)

30.00

Cur síos

Le bheith ar fáil i Meán Fómhar na bliana 2020. Má dhéanann tú ordú ar an leabhar seo, agus má tá aon leabhar eile leis, tabhair faoi deara go gcoinneoidh an t-ordú siar go dtí go mbeidh an Foclóir againn. 

Dá mbeifeá in ann é a bhailiú uainn ag am cuí, tá rogha ag an seiceáil amach dó sin, agus beimid i dteagmháil le daoine go díreach nuair a thiocfaidh an chéad sheachadadh isteach.

30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua a bhfuil Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.

Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.

1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus beidh 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.

Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe in 1959.

Eolas breise

Meáchan 3 kg

Praghas 30.00

3 KG:

An Gúm

Pádraig Ó Mianáin

9781857910247