Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Shopping Cart 0

Gaeil agus Géibheann – cimí poblachtánacha agus an Ghaeilge

.5 KGs:

Only

20.00

Description

Príosúnach poblachtánach ag cuimhneamh ar Ghaeilge a labhairt i bparlaimint Westminster in 1867… Nuachtán Gaeilge á fhoilsiú i bPríosún Lewes in 1916, agus ina lán príosúin eile… Ranganna Gaeilge i gcillín an bháis i Muinseo i 1922, agus arís i bPríosún Bhóthar Chromghlinne i 1942… Cime á thoghadh thar shreanga an Churraigh mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge… Iar-Chonraitheoirí ag cur bac le ranganna agus múinteoirí Gaeilge sna príosúin… Cumann Gaelach lánghníomhach faoi ghlas le linn cogadh domhanda… Dialann as Gaeilge á coinneáil ag príosúnach sna 1950idi… Jail-tachtaí ag fás faoi chúinsí deacra… Teachtaireacht dheireanach an stailceora ocrais Bobby Sands i nGaeilge….

Is iomaí sin cor agus casadh a bhaineann le haistear na Gaeilge trí na príosúin inar coinníodh poblachtánaigh i rith na mblianta. Éire a bheith saor agus Gaelach araon ba chuspóir dóibh, agus bhraith siad go raibh dualgas orthu cloí leis an aisling sin agus iad faoi ghlas. D’fhoghlaim na céadta acu Gaeilge ainneoin na n-ainneoin, agus leathnaigh siad an teanga ar theacht amach dóibh.

Insíonn Eoghan Mac Cormaic a scéal sa leabhar seo. Tarraingíonn sé ar a thaithí féin chomh maith le réimse leathan foinsi nár foilsíodh riamh: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad. Seo scéal na tíre trí shúile na nGael i ngéibheann.

Additional information

Weight .5 kg