Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Acmhainní an CCEA – Gaeloideachas

Praghas

Cur síos

I nGaelscoileanna agus in aonaid Ghaeloideachais, cuirtear Curaclam Thuaisceart Éireann ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuireann an tumoideachas ar a gcumas do na daltaí an teanga a shealbhú i dtimpeallacht labhartha Ghaeilge.

Níl Gaeilge sa bhaile ag formhór na ndaltaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna. Tugann an Gaeloideachas deis do dhaltaí a bheith dátheangach agus ardleibhéal líofachta a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon.

Fágann sé fosta gur féidir leo tairbhe a bhaint as buntáistí aitheanta an dátheangachais a bhfuil taighde idirnáisiúnta déanta orthu.

Sa réamhscoil, agus ag leanúint ar aghaidh isteach sa Bhonnchéim (Blianta 1 agus 2 den bhunscoil), forbraíonn páistí scileanna luatha teanga trí shúgradh, gníomhaíochtaí praiticiúla, scéalta, amhráin, rímeanna agus cluichí. Is de réir a chéile a fhorbraítear scileanna Gaeilge na bpáistí. Agus iad ag aistriú trí Eochairchéim 1 (Blianta 3 agus 4 den bhunscoil) agus Eochairchéim 2  (Blianta 5–7 den bhunscoil), is í an Ghaeilge an príomh-mhodh cumarsáide a bhíonn ag daltaí Gaelscoile. Faoi Eochairchéim 2, bainfidh gach dalta úsáid as an Ghaeilge i bhformhór na gcásanna foghlama.

De ghnáth, tosaítear ar theagasc foirmiúil an Bhéarla ag deireadh Bhliain 3 nó ag tús Bhliain 4 i nGaelscoileanna. Faoin am sin, bíonn scileanna litearthachta sealbhaithe ag na páistí sa Ghaeilge, scileanna a thig leo a aistriú agus a chur i bhfeidhm agus iad ag foghlaim an Bhéarla. Faoi dheireadh Eochairchéim 2, bíonn Gaelscoileanna ar comhchéim le scoileanna Béarla maidir le teanga agus litearthacht an Bhéarla.

Leanfaidh go leor daltaí Gaelscoile lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge san iar-bhunscoil, áit a ndéanfaidh siad staidéar ar an churaclam iomlán, nó ar chuid de, trí mhéan na Gaeilge. Is féidir leo tabhairt faoi scrúduithe trí mhéan na Gaeilge ag leibhéal GCSE agus GCE chomh maith.

Cuireann muid réimse tacaíochta ar fáil do Ghaelscoileanna, mar shampla:

  • áiseanna teagaisc agus foghlama;
  • ábhair don fhorbairt ghairmiúil;
  • cáipéisí treorach; agus
  • comhairle faoin churaclam.