Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Aigéan Eile

.5 KG:

Coiscéim

Torlach Mac Con Midhe

Praghas

20.00

Cur síos

Is é an tAigéan Ciúin an t-aigéan eile atá i gceist sa leabhar seo, agus scéal deoraíochta le hinsint. Gael a d’fhás aníos le hais an Atlantaigh, agus seans aige tosú as an nua ar chósta aigéin eile. Imirce a bhí i gceist, áfach, duine amháin de na mílte daoine óga a imíonn ar fud dhomhan an Bhéarla gan teacht ar ais ach ar cuairt.

Aigéan eile. Oileán Úr, Fritiortha, mar sin féin, agus dearcadh nua ar an saol faighte ag an deoraí. Eolas curtha aige ar na náisiúin bhundúchasacha sna tíortha sin, mothúchán déjà-vu: nach bhfuil a gcinniúint siúd cosúil le cinniúint na nGael?

Le fírinne, ní raibh i scéal an deoraí seo ach aistear go croílár na dorchachta, téama a bhaineann le Joseph Conrad, gan trácht ar Ruairí Mac Easmainn. Fuair an t-údar an dorchacht úd roimhe in áiteanna éagsúla, ach bhí si roimhe freisin nuair a tháinig sé abhaile. Mhothaigh sé gur thuig sé a thír féin den chéad uair.

Aistear fada is ea beatha an údair, a thosaionn i mBaile Átha Cliath, inDoire Cholm Cille, i dTír Chonaill, a théann go hOileán Vancouver agus costa thiar Cheanada, agus a leanann ar aghaidh go dtí an Mhuir Theas agus an Nua-Shéalann, an pointe fillte is faide amach. Cuireann sé síos ar áiteanna, daoine, teangacha agus cultúir, ar shaol an deoraí inné agus inniu, ar an fhéiniulacht Ghaelach, agus ar an aigéan duibheagánach féin.

Eolas breise

Meáchan .5 kg