Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Aistear – Dánta

.3 KG:

Coiscéim

Rita Kelly

Praghas

8.50

Catagóirí: ,

Cur síos

Cnuasach filíochta le Rita Kelly.

Is machnamhach ar fad cuid mhaith de na dánta anseo, agus an file ag plé le cuid de na buncheisteanna a chuireann as dúinn go minic. D’fhéadfaí a rá go bhfuil sí gafa le cúrsaí creidimh i méid áirithe, ach i ndáiríre tá sí ag cíoradh na gceisteanna sin, athmhachnamh á dhéanamh aici ar an gcaoi ar féidir dearcadh is bunfhealsúnacht a athrú, nó fiú a mhalartú, de réir do thaithí féin.

Mar is gnách le filíocht Rita Kelly, is pearsanta a friotal go minic, dírithe ar chairde atá ag scríobh leo, atá ar shlí na fírinne, atá ag titim i ngrá, atá ag múineadh scoile, nó ina suí i seomra scoile is a saol go léir os a gcomhair. Is géarshúileach í agus an tírdhreach á mheas aici, an tírdhreach céanna a spreagann an chuimhne.

Ardú croí is meanman le brath ón bhfilíocht seo: cé go bhfuil macallaí ann a d’fhéadfadh cur as duit nó isteach ort, ní leis an dorchadas ná leis an ngruaim a bhaineann an tuin, ach le castachtaí an tsaoil. Tuin réidh atá ann ó thús deireadh.

Eolas breise

Meáchan .3 kg