Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0
Lascaine!

Amhráin agus Dánta Raiftearaí

0.7 KG:

Futa Fata

Nollaig Ó Muraíle

9781910945339

Praghas

15.00

Cur síos

I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar na gcruinniughadh agus ar na
bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn). Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain 1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór.

San eagrán athchóirithe seo, an chéad leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra ríthaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg