Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Amhráin Anna John Chiot / The Songs of Anna John Chiot

.5 KG:

Four Courts Press

Pól Ó Seachnasaigh

9781526209672

Praghas

25.00

Tá stoc againn

Cur síos

9781526209672, Pól Ó Seachnasaigh, Four Courts Press.

Foilseachán ina bhfuil na hamhráin ar fad a thaifead Coimisiún Béaloideasa Éireann ó Anna John Chiot (Anna Nic a’ Luain) 1935-1937 agus ó 1947-1948. Ina theannta sin, tá 21 amhráin taifeadta ag seisear aitheanta ón cheantar chéanna: Mairéad Ní Mhaonaigh, Anna Ní Mhaonaigh agus Máire Ní Choilm i dteannta le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Brian Ó Domhnaill agus Lillis Ó Laoire.

Cuimsíonn an leabhar seo na hamhráin go léir a bailíodh ó Anna John Chiot Nic an Luain sna Cruacha Gorma i gContae Dhún na nGall idir 1937 agus 1948. Anuas ar an stór mór scéalta agus seanchas a d’eachtraigh sí do Choimisiún Béaloideasa Éireann, bailíodh stór mór amhrán uaithi chomh maith – 128 amhrán in iomlán, idir amhráin fhada, amhráin ghearra agus blúiríní nó giotaí as amhráin eile. Beidh an cnuasach seo ina acmhainn thábhachtach do dhuine ar bith a bhfuil suim acu san amhránaíocht ar an sean-nós, agus i dtraidisiún ceoil Dhún na nGall.

Dúirt Anna focail na n-amhrán leis na bailitheoirí Liam Mac Meanman agus Seán Ó hEochaidh. Mar sin níl mórán eile fágtha againn ach na focail a bhreac siad síos uaithi, ach san fhoilseachán seo tá taifeadtaí déanta de shamplaí amhrán ón chnuasach ag seisear de nah amhránaithe is fearr ó Chontae Dhún na nGall, Mairéad Ní Mhaonaigh, Anna Ní Mhaonaigha gus Máire Ní Choilm, Lillis Ó Laoire, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Brian Ó Domhnaill. Tá formhór na dtaifead seo – ceithre cinn déag in iomlán – ar fáil ar dhlúthdhiosca a thagann leis an leabhar, agus féadfar iad seo agus ocht gcinn breise a sheinnt trí chód QR a scanadh.

Eolas breise

Meáchan .5 kg