Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Corpán sa Trúnc / Réics Carló – Uimhir a Trí 3

.3 KG:

An Gúm

Cathal Ó Sándair

Praghas

9.00

Cur síos

‘A Bhriain, a chara, deirim leat go bhfuil troid romhainn. Ní bhfaighimid trócaire ar bith; ní dhéanfaimid trócaire ach chomh beag. Tá an namhaid sa daingean cheana féin. Caithfear é a ruaigeadh gan mhoill, nó beimid ródhéanach.’

Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach.

Eolas breise

Meáchan .3 kg