Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Grá agus an Ghruaim (Eagrán 2023)

.4 KG:

Éabhlóid

Seosamh Mac Grianna

9781914482106

Praghas

20.00

Cur síos

Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” a cuireadh isteach ina áit in eagráin níos déanaí.

Seo mar a chuir an scríbhneoir Donn Piat síos air ina léirmheas don nuachtán Fáinne an Lae i Márta 1930:

Tá “Creach Choinn Uí Dhomhnaill” ar an scéal is fearr sa leabhar – nó sa nua-Ghaeilge. Tá an leabhar maith, molaim í agus molaim an fear a scríobh í.

Agus seo mar a cuireadh síos air in irisleabhar An tUltach i Márta 1930:

Faigheadh duine ar bith domh scéal ar bith i nGaeilge na haimsire seo is ealaíonta, is uaisle, nó is Gaelaí Gaeilge ná “Creach Choinn Uí Dhomhnaill” agus beidh mé buíoch dó.

Is iomaí léirmheas agus tráchtas a scríobhadh faoin tsaothar ó shin agus seasann sé mar cheann de mhórshaothair na Gaeilge, scríofa ag scríbhneoir uaillmhianach óg a bhí go fóill ina chuid fichidí.

Eolas breise

Meáchan .4 kg