Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Mac Tíre Deireanach

.3 KG:

Futa Fata

Patricia Forde, Lauren O'Neill

9781915684066

Praghas

8.95

Cur síos

Éire i lár an 17ú haois. Tá saighdiúirí Chromail ag déanamh cos ar bolg ar mhuintir na hÉireann, ach ní hiad na daoine amháin atá ag fulaingt – tá cogadh fógartha ag Cromail ar an mac tíre féin, agus ní fada go mbeidh an t-ainmhí sin go hiomlán imithe ón tír. Tá deis ag Úna, cailín óg misniúil, an fód a sheasamh ar son an ainmhí uasail sin agus cabhrú le mac tíre amháin teacht slán ó shaighdiúirí Chromail. Ach cén seans atá ag an mbeirt sin – cailín agus mac tíre – nuair atá an saol ar fad ina gcoinne?

Údar
Laureate na nÓg 2023–2026. Is scríbhneoir dátheangach í Patricia Forde a bhfuil taithí aici ag scríobh leabhar, sraitheanna teilifíse agus drámaí stáitse. Is údar an-aitheanta í anseo in Éirinn agus tá a saothar – idir phictiúrleabhair, leabhair caibidlí agus úrscéalta do dhaoine óga – ar fáil ar fud na cruinne. Is í a scríobh Saol faoi Shráid, sraith theilifíse a léirigh Meangadh Fíbín agus a craoladh ar Cúla 4 / TG4, agus faoi láthair tá sraith eile a scríobh sí, Simon Says, le feiceáil ar RTÉjr. Is é An Mac Tíre Deireanach an deichiú leabhar atá foilsithe aici le Futa Fata. Tá cónaí uirthi i nGaillimh.

Maisitheoir
As Loch Garman ó dhúchas don mhaisitheoir agus don dearthóir grafaicí Lauren O’Neill, ach tá cónaí anois uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá a cuid oibre le feiceáil i bhfeachtais mhargaíochta, i leabhair agus i dtaispeántais. Mhaisigh Lauren an leabhar Gulliver, a fuair Aitheantas Speisialta dá chuid léaráidí ag Gradaim Leabhar Pháistí Éireann in 2016, agus Blazing a Trail, a bhain Children’s Book of the Year (Senior) Irish Book Award 2018.

Eolas breise

Meáchan .3 kg