Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An tIomaire Rua

0.5 KG:

An Gúm

Tomás Ó Máille

9781857916690

Praghas

10.00

SKU: 2206-AnTIomaireRua.jpg Catagóir:

Cur síos

Eagrán nua is ea é seo de leabhrán faoi eachtraí i gCogadh na Saoirse i dtuaisceart Chonamara, i gceantar Ghleann an Mháma (idir an Mám agus an Líonán) agus sa cheantar máguaird chomh fada ó dheas le Scríb, gar do Ros Muc. Cur síos atá ann ar ghníomhaíocht mhíleata Óglaigh na hÉireann, agus ar an tréimhse a chaith siad ar a dteitheadh sna sléibhte, ó Shléibhte Mhám Toirc go Cnoc Maol Réidh, agus ó Bheanna Beola go sléibhte Chorr na Móna. Tá cuntais ó Óglaigh curtha leis, mar aon le cuntais as nuachtáin na linne. Tá líon mór grianghraf curtha san eagrán nua seo, mar aon le dhá léarscáil mhaithe, sa chaoi go mbeidh an léitheoir in ann an scéal a leanúint go dlúth. Is beag cuntas atá againn i nGaeilge ar Chogadh na Saoirse, agus is cuntas maith é seo agus é scríofa i stíl thaitneamhach shoiléir.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg