Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Ar Son na Palaistíne – leabhrán €10 ar son Chumann an Chorráin Dheirg

.2 KG:

Leabhar Breac

Ilúdar

Praghas

10.00

Tá stoc againn

Catagóirí: , ,

Cur síos

Ar son na Palaistíne: paimfléad, bileog fillte,16 lch. €10 ar son Chumann an Chorráin Dheirg

Cnuasach d’aistí scríbhneoireachta le naonúr scríbhneoirí — Antain Mac Lochlainn, Eilís Ní Anluain, Proinsias Mac a’Bhaird, Liam Mac Cóil, Cathal Ó Searcaigh, Colm Ó Ceallacháin, Vincent Morley, Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí, agus clúdach breá maisiúil le Caomhán Ó Scolaí.

Aistriúchán ar dhán le Rafeet Alareer

Ar na haistí próis, tá sleachta as úrscéalta atá ar na bacáin ag na scríbhneoirí Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí, sliocht as luathstair na hÉireann atá á scríobh ag Vincent Morley, scéalta úrnua le Antain Mac Lochlainn agus Proinsias Mac a’Bhaird, agus dánta nua le Cathal Ó Searcaigh, chomh maith le aistriúchán le Colm Ó Ceallacháin ar shaothar leis an bhfile Refaat Alareer ar mharaigh na hIosraelaigh é anuraidh in ionsaí aeir.

Rachaidh 100% den €10.00 seo chuig an gcarthanacht; beidh An Siopa Leabhar ag sú isteach costais phróiseála an ordaithe. Is féidir é a phiocadh suas sa siopa ach oiread, mura bhfuil tú ag iarraidh go gcuirfimid sa phost é.

Eolas breise

Meáchan .2 kg