Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Athmháthair

.5 KG:

Éabhlóid

Michela Murgia

9781914482144

Praghas

15.00

Cur síos

Aistríodh Athmháthair ón leabhar Accabadora le Michela Murgia a d’fhoilsigh Giulo Einaudi editore, Torino, in 2009. Bhuaigh an bunsaothar an Premio Campiello, Duais Molinello, Supermondello, Duais Cuneo don Chéad Úrscéal, Duais Viadana agus Duais Giuseppe Dessi.

Mar an ceathrú hiníon le baintreach bhocht, bíonn Maria Listru buíoch de Bonaria Urrai, a thugann abhaile léi í ina ‘páiste anama’ agus a thugann scolaíocht agus deis sa saol di. Ach tá diamhracht ag baint leis an tseanbhean bheagchainteach chéanna, agus scáil an fhaitís i súile an té a chasfaí di. Níl a fhios fós ag Maria go mbíodh Bonaria ag déanamh aibídí agus ag dul sna tithe ag tabhairt sóláis agus dea-bhás nuair is gá. Gur accabadora atá inti. Básadóir.

Tá an t-úrscéal seo suite sa tSairdín, sna blianta 1950-1960, agus an tsochaí ag teacht as an bhochtaineacht i diaidh dhá chogadh dhomhanda, sean-nósanna á gcleachtadh go fóill, agus an teanga dhúchais i réim. Ceann amháin de thraidisiúin an oileáin is príomhábhar don scéal seo. Cé bith acu a bhí an accabadora ann tráth dáiríre, nó gan í ach ina pearsa bhéaloideasa a dtráchtfaí uirthi go fóill, tá saothar as an gcoiteann anseo ag údar óg Sardach, agus éachtaintí spéisiúla ar bhéascna pobail.

Eolas breise

Meáchan .5 kg