Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Blúiríní

0.4 KG:

COGG

Celia de Fréine, Fidelma Ní Ghallchobhair

9780957298668

Praghas

4.00

Cur síos

Sraith drámaí mar áis ‘Drámaíocht san Oideachas’ do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Sé dhráma ghearra atá sa leabhar, trí cinn an duine leis an mbeirt údar. Scríobhadh iad do mhic léinn mheánscoile, go háirithe iad siúd san Idirbhliain, ach d’fheilfidís don fhoghlaimeoir fásta chomh maith céanna.

Gabhann sraith cleachtaí agus gluais le gach dráma. Áis ghníomhach agus idirghníomhach is ea na drámaí seo inar féidir leis an rang go léir páirt a ghlacadh – is drámaí iad le léamh sa rang, agus ansin le rólimirt ag na mic léinn duine ar dhuine nó ina ngrúpaí. Tabharfaidh na cleachtaí i ndeireadh gach dráma deis do na mic léinn taithí a fháil i réimsí éagsúla taighde agus cumarsáide, agus cuideoidh na gluaiseanna leo cur lena bhfocalstór agus idirdhealú idir leaganacha éagsúla.

Ní gá réamheolas ná taithí ar aisteoireacht ná ar mhothúcháin a léiriú; ní theastaíonn ach dearcadh an charachtair a ghlacadh go simplí sa ról. Bunachar atá sna drámaí seo a chuirfidh na mic léinn ag smaoineamh, ag obair, ag fiosrú agus, thar aon ní eile, ag caint.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg