Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Caint is Comhrá 3 – Pacáiste

0.5 KG:

Praghas

24.20

SKU: 9780714430430 Catagóirí: ,

Cur síos

Is é Caint is Comhrá 3 an chéad leabhar as péire i gCéim a Trí den chlár Gaeilge Caint is Comhrá. Tagann an clár seo go hiomlán le riachtanais Curaclam Nua Teanga na Bunscoile.
Cumadh na scéalta i ngach aonad go cúramach sa chaoi is go bhfaigheann na páistí taithí ar réimse leathan de na seánraí léitheoireachta. Tá na scéalta céimnithe, rud a éascaíonn dul chun cinn i rith na scoilbhliana.

  • Tá cúig aonad déag agus trí aonad súil siar i ngach Príomhthéacsleabhar.
  • Scríobhadh gach gné den chlár le cinntiú go bhfuil gach cuid den aonad comhlántach agus i gcomhthéacs.
  • Leagtar béim ar na heochairfhocail tríd an gclár ar fad.
  • Tacaíonn réimse iontach de ghníomhaíochtaí idirghníomhacha ar líne leis na pointí foghlama atá i ngach aonad, ar bhealach spraíúil, spreagúil.
  • I ngach aonad tá pointí múinteoireachta agus gníomhaíochtaí treoraithe, a dhéanann forbairt ar aithint focal, tuiscint, fónaic, forbairt teanga ó bhéal, gramadach, litriú agus na seánraí scríbhneoireachta.

Tá Portfóilió ag dul le Caint is Comhrá 3. Treisíonn an Portfóilió an tuiscint, an foclóir, an staidéar ar fhocail/fónaic, an ghramadach agus an litriú atá déanta sa Phríomhthéacsleabhar.

  • Clúdaíonn an Portfóilió na seánraí scríbhneoireachta uile. Is gné ar leith é sin.
  • Tá na seánraí scríbhneoireachta ar fad múnlaithe sa chaoi is gur féidir iad a úsáid ar an gclár bán idirghníomhach.
  • Taispeánann an Portfóilió taifead soiléir d’obair an pháiste i rith na bliana.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg