Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Cultúr na Cuimhne sa Ghearmáin

.4 KG:

Coiscéim

Sylvia Bledow

Praghas

10.00

Cur síos

Agus deireadh curtha le réimeas na Naitsithe in 1945, bhí ar mhuintir na Gearmáine teacht chun réitigh ar na huafáis go léir a rinneadh ina n-ainm. Chreid a lán go mb’fhearr béal marbh a choinneáil ar an scéal: an rud atá thart, bíodh sé thart. Ach bhí an oiread sin scéalta le hinsint, an oiread sin créachtaí le leigheas, nárbh fhéidir le daoine fanacht ina dtost.

Diaidh ar ndiaidh, briseadh an tost. Thosaigh daoine ag cur ceisteanna faoinar tharla le linn do na Naitsithe a bheith i gcumhacht, cé go raibh na freagraí míchompordach dá lán. Agus an fhírinne lom ag teacht chun solais, ba léir do mhórán daoine go gcaithfí aghaidh a thabhairt uirthi. Tá an Ghearmáin ag dul i ngleic lena stair chráite anois, agus cultúr cuimhne ag borradh sa tír. Ag an am céanna, bíonn daoine ar an eite dheis a chuireann i gcoinne cultúr na cuimhne.

Cuireann Sylvia Bledow síos ar chultúr cuimhne na Gearmáine anseo. Ag tosú le taithí a ceantair féin, léiríonn sí an t-athrú a tháinig ar dhearcadh na ndaoine, agus breithiúnas nua ar laochra agus frithlaochra na linne. Insíonn sí faoi na modhanna ilghnéitheacha cuimhneacháin atá ag teacht chun cinn, agus ceangal á dhéanamh idir éagóir na Naitsithe agus fadhbanna an lae inniu.

As na Stáit Aontaithe ó dhúchas í Sylvia Bledow, ach tá cónaí uirthi sa Ghearmáin le fada. Tá taithí na mblianta mar mhúinteoir aici, i scoileanna Steiner Waldorf, agus ag teagasc teangacha. Tá cuid mhaith den domhan siúlta aici, agus níl sa Ghaeilge ach ceann amháin de na teangacha atá aici. Tá sí gniomhach i gcúrsaí staire agus cuimhneacháin i gceantar Königsbronn. Tá trí leabhar eile léi foilsithe ag Coiscéim roimhe seo.

Eolas breise

Meáchan .4 kg