Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Cumar an Dá Shruth

.5 KG:

Coiscéim

Annette Byrne

Praghas

20.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Tá dhá scéal chomhthreomhara á n-insint san úrscéal seo: scéal Shaoirse, atá ag obair in 2019 mar intéirneach i ngnólacht earcú foirne seandálaíochta, agus scéal Dhar Lughdach, a thóg áit Naomh Bríd mar mháthairab na mainistreach measctha a bhunaigh Bríd ag deireadh an 5ú haois. Cé gur mór idir na scéalta ó thaobh ama agus stíl inste de, tá ceangal dlúth eatharthu.

Tá Saoirse agus Dar Lughdach araon in ísle brí mar gheall ar a gcuid oibre agus a saol i gcoitinne – cúrsaí grá a d’fheall orthu go háirithe. Ar chomhairle a máthar Neil agus a saoiste Liadán, toilíonn Saoirse trí lá a chaitheamh i mBrú Bhríde, ionad spioradáltachta ar láthair sheanmhainistir Naomh Bríd. Freastalaíonn sí ar cheardlann siceadhrámaíochta ina bhfuil na rannpháirtithe ag obair ar dhráma faoin scéal grá a bhí ann tráth idir Dar Lughdach agus an manach Dallán, agus an teannas idir Dar Lughdach agus a seanchara Naomh Bríd dá bharr.

Nochtann Saoirse a smaointe dúinn sa mhonalóg inmheánach a spreagann an t-ionad spioradáltachta agus an ceantar máguaird inti, agus sna litreacha a scríobhann sí chuig Dylan, a hiarleannán, agus Darena, éascaitheoir na ceardlainne. Insíonn Dar Lughdach a scéal dá bansclábhaí fad is atá siad ag feitheamh ar thoradh vóta na siúr-mhanach agus na mbráthair-mhanach chun a fháil amach an mbrisfear as a post mar mháthairab í nó an bhfágfar ann í.

Eolas breise

Meáchan .5 kg