Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Deoraíocht (Eagrán 2024)

.5 KG:

Coiscéim

Pádraic Ó Conaire

Praghas

20.00

Cur síos

Úrscéal cáiliúil le Pádraic Ó Conaire foilsithe den chéad uair in 1920, curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh agus foilsithe ag Coiscéim in 2024.

Tá úrscéal seo Phádraic Uí Chonaire ag cur áthas agus iontas ar léitheoirí ó foilsíodh i 1910 é. “Tá intleacht ann, tá fealsúnacht ann,” a chreid moltóir an Oireachtais a bhronn mórdhuais air. Dar leis an gcéad léirmheas “go bhfaightear solas-bhriathra is teas aigne ann—agus ábhar machnaimh”. “Tá Deoraíocht lán de scríbhneoireacht mhaith neartmhar, ón chéad duilleog go dtí an duilleog dheireanach”, a scríobh Seosamh Mac Grianna: “Tá an scéal dearg te óna thús go dtí a dheireadh.”

Ó d’imigh sé as cló sna 1920idí, áfach, ní raibh an leabhar iomlán ar fáil do léitheoirí. Cuireadh eagrán amach tar éis bhás Uí Chonaire agus cinsireacht déanta air. Cheil sé seo collaíocht na mban sa scéal de réir phiúratánachas na linne. Tá an chinsireacht chéanna déanta ar gach eagrán eile a tháinig amach ó shin, agus ar aistriúcháin den leabhar. Den chéad uair le céad bliain, tá Deoraíocht ar fáil gan cháim gan chinsireacht san eagrán nua seo.

Tá scrúdú géar ar stair an leabhair déanta ag an eagarthóir ina réamhrá. Cuirtear síos ar athrú a theidil, tionchar scríbhneoirí
eile air, agus macallaí as saol an údair féin ann. Chomh maith le grinnléamh ar an scéal a scaoileann cuid mhaith dá rúndiamhra,
pléitear léamha éagsúla air, agus na ceisteanna a thagann chun solais ann. Ar deireadh thiar thall, seo againn Deoraíocht Uí Chonaire ina iomláine arís.

Eolas breise

Meáchan .5 kg