Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Dún Chaoin – Oscail an Scoil!

0.5 KG:

Coiscéim

Colm Ó Snodaigh

6660012170111

Praghas

15.00

Tá stoc againn

Catagóirí: ,

Cur síos

Tháinig an scéal aniar aduaidh ar mhuintir Dhún Chaoin i samhradh 1970: go raibh a scoil le dúnadh. Bhí sé mar pholasaí ag an Roinn Oideachais le tamall scoileanna beaga a dhúnadh, agus is iomaí pobal a chaill a scoil de bharr. Scoil Ghaeltacht a bhí i ndún Chaoin,agus oidhreacht na mblianta beo sa cheantar fós, ach ba bheag an scéal é sin le maorlathas an stáit.

Níor ghlac an pobal leis an gcinneadh, áfach, agus eagraíodh feachtas áitiúil agus naisiúnta ina choinne. Agus cé go raibh daoine móra de lucht polaitíochta, stáit agus eaglaise ins gcoinne, d’oscail muintir Dhún Chaoin an scoil go mídhleathach, ag scaipeadh an scéil, ag eagrú cruinnithe agus mórshiúlta. Ba ghearr go raibh an feachtas ina chuid d’agóidíocht na linne.

Tá údar an leabhar seo tar éis labhairt leis na scórtha a bhí páirteach sa chás ar gach taobh. Tá polasaí oideachais na linne scrúdaithe aige, tráth a raibh scoileanna beaga i gcoitinne á n-imeallú agus constaicí móra roimh an oideachas Gaeilge. Tá an scéal inste go cruinn aige: scéal na scoile, scéal an fheachtais- agus thar gach ní eile, scéal na ndaoine a sheas an fód chun scoil Dhún Chaoin a choinneáil beo.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg