Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Éanlaith Iarthuaisceart Thír Chonaill – Ainmnithe – Gradam Uí Shúilleabháin 2023

.5 KG:

LeabhairComhar

Maitiú Ó Murchú

9781739255138

Praghas

20.00

Cur síos

Cnuasach grianghraf agus téacs ar ghné den fhiadhúlra in Iarthuaisceart Thír Chonaill, taobh tíre a bhfuil taithí ag an údar air, atá sa leabhar seo. Shiúil sé a dhúiche agus ceamara ina láimh aige. Thapaigh sé deiseanna, ach é a bheith gasta go leor go minic, le taifead a dhéanamh ar na héanacha sa cheantar ó Ghaoth Beara na dtonn chun na Dúchoradh aníos a fhad le Gleann Bheatha agus chomh fada le Dún Fionnachaidh ó thuaidh ag pilleadh siar bealach an chósta chuig inbhear Abhainn Ghaoth Beara.

Is éard atá sa téacs ná cnuasach de mhíreanna eolais inspéise; iompar na n-éanacha, béaloideas fúthu, an chiall a bhaineann leis na hainmneacha eolaíocha, logainmneacha a bhaineann leo, agus seanfhocail.

Tá léargas ar fáil ar an dóigh a thiompaíonn rotha mór an tsaoil ag na héanacha agus an tionchar a bhíonn ag na séasúir ar na speicis éagsúla a bhíonn inár measc, roinnt acu ag imeacht uainn agus a thuilleadh ag tarraingt orainn, chomh maith leo sin a chónaíonn go buan inár gcuideachta.

Is leabhar ar leith é seo a chuireann eolas agus ábhar ar fáil faoi níos mó ná 100 speiceas éanacha.

 

978173925513

Eolas breise

Meáchan .5 kg