Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Essays in Memory of Eleanor Knott

.5 KG:

Christina Cleary, Chantal Kobel

9780954688226

Praghas

20.00

Tá stoc againn

Cur síos

Eleanor Knott: foclóirí, fileolaí, saineolaí ar fhilíocht na scol. Is mar scoláire umhal ildánach a chuimhnítear uirthi, mar dhuine a bhí ciúin cúthaileach ina pearsantacht ach caolchúiseach géarchúiseach agus í i mbun pinn. D’eascair na haistí sa chnuasach seo as comhdháil a reáchtáil Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, sa bhliain 2016 le tionchar buan Knott ar an Léann Ceilteach a chomóradh. Déanann Eoin Mac Cárthaigh cur síos ar a saol is ar a cúlra. Ceiliúrann Síle Ní Mhurchú agus Mícheál Hoyne an obair mhór a rinne sí i ngort na filíochta clasaicí, le haistí ar aislingí ceannródaíocha Thaidhg Dhaill Uí Uiginn agus ar an bhfáilte cháiliúil a d’fhear Uilliam Ó Ceallaigh roimh na filí sa bhliain 1351. Comórann Chantal Kobel, Fangzhe Qiu agus Christina Cleary saothar Knott sa Luath-Ghaeilge le haistí fileolaíochta ar théacsanna ar ar oibrigh sí féin: Scéla Mongáin, an ‘Iona Chronicle’ agus Togail Bruidne Da Dergae.

Eolas breise

Meáchan .5 kg