Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Gaeilge Gan Stró – Lower Intermediate Level (fuaim ar líne)

.8 KG:

Gaelchultúr

Éamonn Ó Dónaill

9780956361417

Praghas

39.95

Tá stoc againn

Cur síos

Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo muinín a thabhairt do dhaoine, scileanna teanga a mhúineadh dóibh a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla agus cabhrú leo cainteoirí Gaeilge ó áiteanna éagsúla sa tír a thuiscint. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus 100+ comhaid fuaime gur féidir íoslódáil. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na comhaid fuaime a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:
• cur go mór lena líofacht sa Ghaeilge;
• Gaeilge níos cruinne a labhairt;
• cur go mór lena stór focal;
• cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;
• cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;
• tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

Is féidir an leabhar a úsáid leis féin nó leis na comhaid fuaime. Tá na comhráite sa leabhar le cloisteáil ar na comhaid fuaime seo.

Eolas breise

Meáchan .8 kg