Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I dTír Mhilis na mBeo

0.35 KG:

Cois Life

Colm Ó Ceallacháin

9781907494710

Praghas

10.00

Cur síos

Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag feitheamh le beirt bhuachaillí óga le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh a gcuid laethanta saoire cois trá?

Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid de shíor dár bhfuadach as an saol seo, ach i scéal amháin is í an litir ‘i’ féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile.

Searbh í ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo.

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg