Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Lies

0.23 KG:

Dedalus Press

9781910251393

Praghas

12.50

Tá stoc againn

Catagóir:

Cur síos

Cnuasach dátheangach filíochta le Doireann Ní Ghríofa.

Le Tatú a Bhaint

Shíl mé nach mbeadh ann ach go scriosfaí thú
sa tslí chéanna go gcuirfeadh gasúr grainc air féin
ag breathnú dó ar chóipleabhar breac le botúin,
á shlánú in athuair lena ghlantóir:
bhí dul amú orm.

Nuair a baineadh d’ainmse de mo chraiceann,
bhris na léasair an tatú ina mílte cáithníní líocha.
Shúigh mo chorp do dhúch scoilte, scaoilte. Anois,
is doimhne fós ionam siollaí d’ainm, táid daite im’ chealla;
táim breac leat.

Tá tú laistigh díom anois – caillte, dofheicthe.
Mé féin is tú féin, táimidne do-dhealaithe.

Eolas breise

Meáchan 0.23 kg