Mac na Míchomhairle [crua] (ar athláimh)
0.5 KG:
€8.00
As stoc
Cur síos
Clúdach crua, forchlúdach leis atá beagáinín caite.
Litríocht ilghnéitheach i Rómánsaíocht dhéanach na Gaeilge. Dearctar uirthi in amanna mar shórt réamhtheachtaire d’úrscéalaíocht dhúchasach. Tharraing a húdair as foinsí go leor lena cumadh: an litríocht thraidisiúnta – agus an Fhiannaíocht ach go háirithe, filíocht agus prós a linne féin agus ábhar béaloidis a scaipeadh siad go flúirseach trína saothair. Tháinig borradh ar leith ar an gcineál sin litríochta ar theorainn dheisceart Chúige Uladh ó dheireadh an 17ú céad agus b’ó scríobhaithe an gceantar sin a fuarthas den chéad uair an scéal a phléitear sa leabhar seo. Tugtar téacs Mac na Míchomhairle anseo mar aon le cuntas ar a chur le chéile, ar chúlra liteartha a linne agus a áit féin I dtraidisiún na lámhscríbhinní agus sa traidisiún béil.
Eolas breise
Meáchan | 0.5 kg |
---|