Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Macallaí Cillín – Dánta priosúin 1982-91

.3 KG:

Coiscéim

Eoghan Mac Cormaic

Praghas

9.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Nuair a scaoileadh Eoghan Mac Cormaic saor ó phríosún i ndiaidh cúig bliana déag i 1991, thug sé leis cúpla mála mór páipéir a bhí sactha go béal le cóipleabhair a líon sé le linn a sheal faoi ghlas. Bhí idir altanna nuachtáin, scripteanna dráma, úrscéal, ghearrscéalta, fhoclóir na dteangacha Ceilteacha, léachtanna, litreacha, chrosfhocail agus dhanta iontu. Na blianta ina dhiaidh sin bhronn a mháthair bosca eile air ina raibh dosaen albam lán le nótaí ar pháipéar leithris a smuigleáladh amach as an phríosún, taifead ar a thréimhse sna Blocanna H.

Sna blianta ó saoradh é, rinne sé iarracht ó am go ham léamh trí na cóipleabhair agus eagar a chur orthu, ach bhíodh an iomarca cuimhní á n-athmhúscailt, cuimhní ar an tréimhse agus ar sheanchomrádaithe a bhí imithe. Mar a rinne go leor daoine eile, thapaigh sé an deis breathnú siar le linn díghlasáil Covid, agus seo anois an cuardach deireanach trí na cóipleabhair bhuí. Idir shúgradh agus dáiríre, idir pholaitiúil agus phearsanta, tá léargas as an ghnáth ar shaol agus smaointe príosúnaigh le fáil sna dánta seo.

Eolas breise

Meáchan .3 kg