Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Na Cócha Móra

0.5 KG:

Coiscéim

Micheál Ó Siochrú

6660012220137

Praghas

12.50

Catagóirí: ,

Cur síos

Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra. Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí:

‘Thaitin an t-úrscéal thar barr liom agus ba dheacair liom é a chur díom go dtí go raibh sé críochnaithe agam. Teanga líofa shaoráideach agus saibhreas neamhghnách foclóra in úsáid ag an údar. Scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin a nochtar dúinn, gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainide níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Má tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach d’ainneoin na n-aingeal coimhdeachta a chasann air i mbun a oilithreachta chun lámh chúnta a thabhairt dó, ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann. Fiú agus é ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua!

‘Bhí babhtaí ann nuair a chuaigh an scéal seo go smior ionam. Tá fileatacht ar leith ag baint le críoch an scéil agus is álainn mar a thugtar meon an linbh le fios san oscailt. Idir tús agus deireadh tá deis againn taisteal in éineacht le Barra ar a aistear uaigneach cráite. Tá scéal na scoileanna tionsclaíochta tráthúil agus, go pointe, seanphléite, ach tá mianach sa scéal seo creathadh a bhaint asainn toisc a ghrámhaire agus a thuisceanaí agus a léirítear meon an phríomhcharachtair. Faighimid léargas freisin ar thionchar fadtréimhseach na scoileanna.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg