Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Nóinín (Máire Zepf)

0.5 KG:

Cois Life

Máire Zepf

9781907494949

Praghas

10.00

Cur síos

Buaiteoir Ghradam Leabhar na Bliana ag KPMG / Leabhair Pháistí Éireann 2020.

Casann Nóinín, déagóir cúthail, ar fhear óg ar an idirlíon. Níl sé cosúil leis na gasúir ar scoil: tuigeann sé go smior í, agus titeann sí i ngrá. Ní maith léi am a chaitheamh lena cara is fearr, Eimear, níos mó – tá sí go huile is go hiomlán gafa.

Nuair a théann sí chun casadh leis an fhear óg, ní thagann sí ar ais.

Cuireann Eimear an milleán uirthi féin. Nochtann an sceon, an briseadh croí, agus leochaileacht an duine. Léigh scéal Eimear agus í ag dul i ngleic le ceisteanna faoi iontaoibh a bheith agat as daoine agus as an saol.

Tá mé dóchasach go n-imreoidh an t-úrscéal véarsaíochta an draíocht chéanna sa Ghaeilge is a d’imir sé cheana féin sa Bhéarla… Tá úrscéal véarsaíochta sciobtha agus furast le léamh in ainneon – nó mar gheall air – bheith scríofa i bhfilíocht. Tá focail, gníomh agus mothucháin gonta glinn. Tiontaítear leathanaigh go gasta. Léitear úrscéal véarsaíochta go minic taobh istigh de chúpla uair a chloig. Máire Zepf, ag caint ar writing.ie.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg