Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Preab sa Cheol – Preableabhar Amhrán do Pháistí – Leabhar Preabach

.6 KG:

Doimnic Mac Giolla Bhríde

Doimnic Mac Giolla Bhríde

Praghas

30.00

Tá stoc againn

Cur síos

Leabhar mór preabach le Doimnic Mac Giolla Bhríde ina bhfuil seacht n-amhrán nua-chumtha, liricí na n-amhrán ar na leathanaigh agus aistriúchán Béarla ar cúl ar fad. Tá na hamhráin féin ar fáil ar www.preabsacheol.ie.

Tá radharc álainn ar gach péire leathanach a phreabann suas nuair a chastar an leathanach.

  • Nuair a Bheas Mé Mór
  • An Crogall
  • Damhsa na gCearc
  • An Rámhaíocht
  • Caitlín Nic Giolla Casú
  • An Earagail
  • An Píobaire Mór

Sa leabhar seo tá seacht n-amhrán nua-chumtha do pháistí (3-11bl) atá spraoiúil ach ag an am chéanna oideachasiúil. Preabann carachtéirí suimiúla aníos amach as leabhar d’achan amhrán.

Seo an chéad phreableabhar a rinneadh i nÉirinn! 

In sa ré fón póca seo ina bhfuil muid beo, seo dóigh mhaith le ligeán do pháistí súgradh go folláin mar pháistí, le hamhráin agus damhsaí úra le foghlaim agus tréan spáis ag páistí a gcuid samhlaíochta féin a úsáid.

 

 

Eolas breise

Meáchan .6 kg