Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Scéilíní Scanrúla

.3 KG:

Praghas

10.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Úrscéal nua-aimseartha do pháistí le Gabriel Rosenstock.
Clúdach bog. Lándaite. 104 lch. Méid A5. Téacs dubh agus bán le 38 léaráid lándaite.

Is úrscéal éadrom neamhghnách é seo do dhaoine óga, arna scríobh ag an scríbhneoir aitheanta Gabriel Rosenstock. Tá an leabhar lán de ghreann dóite agus de dhánacht shoineanta pháistiúil, ach ag an am chéanna tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim as.

Leanann an scéal buachaill óg ag fás aníos agus é ag cur aithne ar an tsaol. Tá samhlaíocht iontach ag an bhuachaill óg agus tá sé fiosrach faoi gach rud. Cuireann sé suim i léir rudaí iontacha ón Bhúdaíoch go cultúr na Seapáine, ó Archimedes go grástaí éagsúla as gach cearn den domhan. Bíonn fóibe áirithe ag an bhuachaill agus cuireann rudaí éagsúla eagla air ach nuair a chasann sé le cara nua aimsíonn sé bealaigh le fáil thar aon eagla a bhíonn air. Buachaill iontach meabhrach atá ann agus tá feith an ghrinn go láidir ann. Feiceann sé an íoróin a bhaineann le rudaí thart air agus is maith leis a bheith ag plé ceisteanna móra an tsaoil.

Éiríonn le Gabriel carachtair fíorshuimiúil a chruthú sa leabhar seo a thaitneoidh sé go mór le páistí.

D’fhéadfá a rá gur leabhar ar nós Horrid Henry nó Diary of a Wimpy Kid é seo ach go bhfuil an príomhcharachtair i bhfad níos meabhraigh agus níos múinte agus go bhfuil an greann i bhfad níos cliste ann. Is leabhar é seo a mbeidh suim ag páistí a léamh agus le 16,000 focal ann, is leabhar é a mbeidh siad in ann tabhairt faoi i gceart. Tá an leabhar breac le léaráidí déanta leis an ghreann áibhéalta chéanna ag an ealaíontóir Graham Corcoran.

Aois 9–12

Eolas breise

Meáchan .3 kg