Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0
Lascaine!

Scott Pilgrim i nGaeilge

Gliadar

Bryan Lee O'Malley

Praghas

35.00100.00

Description

3 leabhar | 38 caibidil | 1,212 leathanach

Fear óg leibideach ite ag an leisce é Scott Pilgrim. Tá cónaí air in Toronto agus tá sé ag siúl amach le Knives, cailín atá fós ar an meánscoil. Seinneann sé an dordghiotár i mbanna lena chairde. Tagann bean faoi leith i láthair ina chuid bhrionglóidí ach níl a fhios aige cé hí.

Go tobann, castar ar a chéile iad ag cóisir agus bíonn sé splanctha ina diaidh. Is í Ramona Flowers an bhean dhiamhrach sin. Is as Nua-Eabhrac di agus caithfidh Scott a sheacht ndícheall a dhéanamh chun í a mhealladh chun gur féidir leo siúl amach le chéile. Chuige sin, ní mór dó an caidreamh le Knives a chur ar ceal. Ach tá dream rúnda ann, na leannáin eile a shiúl amach le Ramona san am a chuaigh thart, in éad le Scott agus tá sé mar rún acu an caidreamh nua a chur ó mhaith.

An dtuigeann Scott céard atá ag tarlú? An bhfuil sé in ann na leannáin éadmhara sin a threascairt chun gur féidir leis féin agus Ramona siúl amach le chéile? Sa scéal spleodrach scléipiúil seo, cuirtear Scott Pilgrim agus a chairde in aithne don léitheoir agus feictear conas mar a éiríonn le Scott an bhean is ansa leis a bhuachan maille leis na heachtraí a thiteann amach chun a chinntiú gur féidir leis siúl amach léi.

600 íomhá

Aistríodh 600 íomhá go Gaeilge. Tá ealaíon spleodrach le feiceáil ar fud na leabhar.

Gaeilge den scoth

Tá Gaeilge den scoth ar fáil ó thús go deireadh an scéil

 

Additional information

Meáchan N/bh
Rogha

Leabhar 1, Leabhar 2, Leabhar 3, Tacar 3 Leabhar