Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Scéalta agus Seanchas / Potatoes, Children and Seaweed

1.5 KG:

Foilseacháin Scoil Scairte

Áine Uí Fhoghlú

9781916178809

Praghas

30.00

As stoc

Cur síos

Stoc imithe. 

Béaloideas agus cuimhní cinn ó Ghaeltacht na nDéise.

Insíonn an leabhar álainn gleoite seo scéal pobail ó ré atá imithe go deo ach, ainneoin gach tuair, a bhfuil an Ghaeilge fós beo ina measc inniu. Faighimid scéalta anso ó Ghaeltacht na nDéise, ó dhuine is fiche a rugadh sa chéad leath den bhfichiú haois, ar nósanna agus traidisiúin, ar phiseoga agus cleachtais a n-óige. Comhar na gcomharsan ba bhun agus barr lena saol, pé acu ag saothrú na talún, ag deisiú líonta, ag ceiliúradh breith linbh nó ag caoineadh na marbh. Roimh theacht na nua-theicneolaíochta, chruthaigh an pobal seo a cuid siamsaíochta féin. Cuireann na cainteoirí síos go healaíonta dúinn anso ar shaol agus ar ré ná feicfear go deo arís.

Leabhar toirtiúil le clúdach crua atá anseo, é lán eolais agus pictiúr.

Mar a luadh ar RTÉ Nationwide, 18 Márta 2020.

Eolas breise

Meáchan 1.5 kg