Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Stórchiste – Teasáras Aibítreach na Gaeilge – An Alphabetic Thesaurus of Irish

2 KG:

Evertype

Nicholas Williams

9781782013129

Praghas

49.95

Cur síos

Is céim an stórchiste seo chun bearna i bhfoclóireacht na Gaeilge a líonadh. Foilsíodh níos mó ná stórchiste Gaeilge amháin roimhe seo ach níl ceann ar bith acu chomh cuimsitheach leis an leabhar seo. Ina theannta sin is de réir téama a leagadh amach na stórchistí eile atá le fáil cheana féin, ach is in ord aibitre a liostaítear na focail sa saothar seo, rud a éascaíonn go mór a úsáid don té atá ag baint feidhm as. Taobh istigh de gach iontráil is in ord aibítre a thugtar na focail; ach dealaítear cialla éagsúla go minic trí sraitheanna aibítreacha iomadúla.

I gcorp an leabhair seo tugtar ceannfhocal, roinn chainte, agus gluais Bhéarla le socrú brí ghinearálta an fhocail faoi leith. Tugtar lipéid i mBéarla freisin chun úsáid na bhfocal éagsúil a thagann ina ndiaidh a shoiléiriú. Is beag nach bhfuil 12,000 iontráil i bhfoirm alt sa stórchiste. Tá thart ar 44,000 d’fhocail nó de leagan­acha in úsáid sna hiontrálacha sin. Tá 118 bosca eolais sa leabhar agus iontu sin feicfear liostaí de théarmaí a bhaineann lena chéile taobh istigh den aon réimse céille amháin. Is beag nach bhfuil 11,000 leagan faoi leith sna hiontrálacha úd.

bailiúchán noun ➊ collection: cnuasach, deascán, díolaim, foirisiún, glac, meall, moll, tacar, teaglaim, tiomsú, tiomargadh. ➋ collection of things: burla, carn, carnán, ciste, crobhaing, cruach, maoiseog, stór, tacar, taisce, triopall. ➌ collection of people: baicle, béinne, buíon, bunadh, cipe, cóip, comhlacht, comóradh, comhthionól, conlán, criú, cruinniú, cuallacht, cumann, cuideachta, dream drong, feadhain, foireann, fracht, gasra, grúpa, meitheal, muintir, paca, plód, pobal, rang, scaoth, scata, scuaine, síolrach, sliocht, slógadh, slua, teaglaim slua, tionól, tóstal, literary cuain. ➍ collection of writing(s): cnuasach, díolaim, duanaire, gluais, foclóir, foclóirín, stórchiste.

Munarb é seo an Teasáras a bhí á lorg agat, féach an ceann eile le Garry Bannister

Eolas breise

Meáchan 2 kg