Súil le Breith
0.3 KG:
Leabhar Breac
Pádraig Standún
€9.00
Cur síos
Úrscéal é Súil le Breith a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló anois tar éis 15 bliana.
Rogha idir dualgas, grá agus an tsagartóireacht.
Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).
I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige. Ba é Súil le Breith a chead úrscéal.
Eolas breise
Meáchan | 0.3 kg |
---|
-
Bláthnaid (le foilsiú Iúil 2024)
€18.00 Cuir sa chiseán é -
Lascaine!
Heartstopper – Leabhar 1 – Leagan Gaeilge **RÉAMHORDÚ – Ag teacht Meitheamh 2024**
Original price was: €12.95.€11.00Current price is: €11.00. Cuir sa chiseán é -
Lascaine!
Scott Pilgrim i nGaeilge *réamhordú – le foilsiú Bealtaine 2024*
Original price was: €105.00.€100.00Current price is: €100.00.