Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland

4 KG:

Oxford University Press

Liam Ó Haisibéil, Kay Muhr

9780198803263

Praghas

150.00

Tá stoc againn

Cur síos

Stair agus bunús sloinnte Éireannach (de bhunadh na Gaeilge agus an Bhéarla) mar aon le cur síos ar na modhanna taighde agus na foinsí ar baineadh leas astu chun an foclóir seo a thiomsú.

Tá breis is 3,800 sloinne san áireamh, leaganacha malartacha litrithe san áireamh, a raibh breis is 100 duine luaite leo i nDaonáireamh 1911.

Tá eolas sa bhfoclóir seo maidir le minicíocht na sloinnte in 1911, an ceantar is mó a mbíodh an sloinne le feiceáil ann idir 1847-64 agus 1911, agus míniú ar bhrí an sloinne. Tá liosta ann freisin, le cuid de na sloinnte, a thugann cuntas ar dhaoine (in ord cróineolaíoch) a raibh an sloinne sin acu bunaithe ar eolas a bailíodh ó fhoinsí Gaeilge agus ó fhoinsí riaracháin ón meánaois chuig an 19ú haois.

Leabhar Béarla atá anseo, agus é foilsithe ag Oxford University Press.

Eolas breise

Meáchan 4 kg